Tá Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh ag cothú an chéad ghlúin eile de cheannairí agus bainisteoirí le cumas Gaeilge.

Tar éis rath an chéad chlár ceannródaíoch GAIRM, chuir Údarás na Gaeltachta agus Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) fáilte roimh chohórt nua na scéime an mhí seo. Conradh fostaíochta dhá bhliain le hÚdarás na Gaeltachta atá i gceist do chéimithe agus Dioplóma Iarchéime leibhéal 9 i gcomhar le OTA.
Gheobhaidh na rannpháirtithe taithí ghairmiúil mar oifigigh feidhmiúcháin i rannóga éagsúla an Údaráis thar thréimhse dhá bhliain. I dteannta leis an gconradh, beidh deis ag na céimithe tabhairt faoi Dioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) ó OTA atá deartha go sonrach don scéim GAIRM.
“Is í an fhís atá againn don scéim seo, ná go bhfuilimid ag cothú an chéad ghlúin eile de cheannairí agus bainisteoirí, bíodh sé san Údarás nó sa státseirbhís, áit a bhfuil éileamh ollmhór ar dhaoine le Gaeilge, éileamh a bheidh ag fás. Tá an-rath feicthe againn leis an gcéad ghrúpa rannpháirtithe agus táimid muiníneach go mbeidh an cohórt nua chomh díograiseach céanna” a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.
Mar chuid den chlár oiliúna, tabharfaidh na rannpháirtithe faoi Dioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) in OTA. Dearadh an cúrsa go hiomlán as an nua in 2024, le freastal ar riachtanais an scéim GAIRM chun scileanna bainistíochta na rannpháirtithe a fhorbairt agus iad ag tabhairt faoi cheithre módúil déag thar tréimhse dhá bhliain.
“Nuair a bhí an dioplóma á chur le chéile againn, shuigh muid síos leis an Údarás chun go mbeadh tuiscint againn ar chéard a bhí ag teastáil ó thaobh na scileanna difriúla, ó thaobh na hábhair difriúla agus an t-eolas a bhí siad ag iarraidh.” a dúirt Diarmuid Ó Conghaile, Ceann na Roinne Gnó agus Cuntasaíochta in OTA “Tá chuile cineál ábhair ann ó thaobh bainistiú airgid de, ó thaobh cumarsáid de, ó thaobh ceannaireacht agus ó thaobh bainistíochta de go ginearálta freisin.”
Chríochnaigh naonúr an scéim GAIRM i mbliana, le thart ar 80% dóibh fostaithe ó chríochnaigh siad an clár i réimse leathan eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus earnáil príobháideach.
Dúirt Seán Ó Coileáin, a chríochnaigh an scéim GAIRM i mbliana:
“Sa dara bhliain den scéim, chaith mé seacht mí ag obair sa Rannóg Pleanála Teanga, tréimhse a bhain mé an-sult as. Bhí a fhios agam i gcónaí go raibh mé ag iarraidh obair i dtreo cur chun cinn na Gaelainne tar éis GAIRM, agus mar a tharlaíonn sé, tháinig post mar Oifigeach Pleanála Teanga aníos i mo chontae dúchais. Chuidigh an taithí a bhfuair mé ar GAIRM go mór liom agus mé sa phróiseas agallaimh, agus bainim úsáid as na scileanna bainistíochta agus pearsanta a d’fhorbair mé tríd an gclár gach uile lá sa ról nua seo. Mhothaigh mé go raibh mé réidh chun glacadh leis na freagrachtaí a bhaineann le ról an Oifigigh Pleanála Teanga mar gheall ar an taithí a bhfuair mé ó GAIRM”
“Thug GAIRM na scileanna, an taithí agus an mhuinín dom chun dul i ngleic le dúshláin nua agus chun mo chumas a fhorbairt i dtimpeallacht ghairmiúil. Bhí an t-ádh orm a bheith ag obair ar raon leathan tograí agus taithí phraiticiúil a fháil i réimsí éagsúla den eagraíocht, le béim ar leith ar dhigitiú na Gaeilge, ar an chumarsáid agus ar an mhargaíocht.” dúirt Niamh Ní Dhubhaigh a chríochnaigh an scéim GAIRM i mbliana. “Chuir an taithí sin bonn láidir faoi m’fhorbairt ghairmiúil agus d’ullmhaigh sí mé don chéad chéim eile. Tá mé ag obair anois i réimse na seirbhísí gairmiúla le EY, agus tá mé fíorbhuíoch as na deiseanna luachmhara a thug foireann Údarás na Gaeltachta dom agus an méid a d’fhoghlaim mé le linn an chláir.”
Tá deis ag rannpháirtithe an scéim a bheith lonnaithe ar fud na Gaeltachta sna hoifigí réigiúnacha de chuid an Údaráis sna Forbacha i nGaillimh, i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill, i mBéal an Mhuirthead i gCo. Mhaigh Eo, i nDaingean Uí Chúis, i gCo. Chiarraí nó i mBaile Mhic Íre i gCo. Chorcaí.