Cárta Bronntanais Nua chun tacú le gnólachtaí áitiúla ar fud na Gaeltachta

22 Meán Fómhair, 2026

nóiméad léite

Photo Martina Regan

Tá tús curtha leis an bpróiseas clárúcháin do ghnólachtaí don chárta, a bheidh á sheoladh go hoifigúil sa bhfómhar.  Ní bheidh aon choimisiún i gceist le Cárta na Gaeltachta agus tuairiscítear spéis láidir cheana féin  

Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, beidh Cárta na Gaeltachta ar fáil i bhfoirm chárta bronntanais fhisiciúil agus dhigiteach do na ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh, sa Mhí agus i bPort Láirge. 

Tá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt Chárta na Gaeltachta isteach chun caiteachas cónaitheoirí agus cuairteoirí a spreagadh sna hearnálacha miondíola, fáilteachais, fóillíochta, lóistín agus seirbhísí ar fud na Gaeltachta. 

Beidh gnólachtaí sna ceantair Ghaeltachta incháilithe chun glacadh le Cárta na Gaeltachta gan aon chostas cláraithe agus gan gá le haon trealamh breise. Ní bheidh aon choimisiún le híoc ag gnólachtaí Gaeltachta a ghlacann leis an gcárta. 

Sna seachtainí amach romhainn, beidh ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta ag tabhairt cuairte ar ghnólachtaí ar fud na Gaeltachta chun iad a chlárú agus a ullmhú le glacadh le Cárta na Gaeltachta nuair a sheolfar é. Is féidir le gnólachtaí clárú tríd an bhfoirm seo a líonadh chomh maith. 

Beidh Cárta na Gaeltachta mar chuid de líonra Town & City Gift Cards, a bhfuil roinnt gradam buaite aige agus atá i bhfeidhm ar fud na hÉireann, áit a bhfuil breis agus €30m de chaiteachas áitiúil spreagtha aige go dtí seo. 

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: 

"Is scéim ceannródaíoch é Cárta na Gaeltachta do réigiúin na Gaeltachta. Trí chárta bronntanais amháin, cuirfear tionchar eacnamaíoch inbhraite ar fáil do ghnólachtaí áitiúla trí líon na gcuairteoirí agus an caiteachas a mhéadú i measc réimse leathan gnólachtaí Gaeltachta. Trí Chárta na Gaeltachta, díreoimid aird ar an tairiscint ghnó uathúil atá le fáil ar fud na seacht gcontae Gaeltachta agus cothóimid cultúr fadtéarmach ‘ceannaigh go háitiúil’ a chuirfidh gnólachtaí na Gaeltachta chun cinn agus a thacóidh leo." 

Dúirt Mark Cunningham, Bainisteoir Forbartha Gnó le Miconex Éireann: 

"Ag cuimsiú seacht gcontae, beidh Cárta na Gaeltachta ar an togra Town & City Gift Cards is fairsinge riamh in Éirinn nuair a sheolfar é. Caithfear na cártaí go háitiúil le gnólachtaí cláraithe, rud a chinnteoidh go bhfanfaidh an caiteachas sa cheantar agus a thabharfaidh rogha áitiúil do thomhaltóirí agus d'eagraíochtaí maidir le bronntanais, duaiseanna agus dreasachtaí. Le tacaíocht ó Mastercard, tá sé éasca clárú chun glacadh le Cárta na Gaeltachta agus oibríonn sé leis na teirminéil íocaíochta atá in úsáid cheana féin." 

Dúirt Pádraig Ó Sé, Tigh Tabhairne Páidí Ó Sé i gCeann Trá, Co Chiarraí:

 "Cuirimid fáilte roimh an tionscnamh nua Gaeltachta seo. Rud iontach do ghnóthaí is ea nach mbeidh aon táille choimisiúin ag baint le Cárta na Gaeltachta. Ciallaíonn sé sin go bhfanfaidh gach euro a chaitear sna gnóthaí sin, agus san nGaeltacht. Ní féidir an cárta bronntanais a úsáid ach i siopaí nó gnó atá lonnaithe sa nGaeltacht agus dá bharr sin, táim cinnte go dtiocfaidh borradh maith ar an gnó áitiúil, anseo in iarthar Chiarraí a luaithe a sheolfar an cárta"