
Guthanna ceannródaíocha ón tionscal, ón saol acadúil agus ón rialtas ag teacht le chéile i nGaillimh chun todhchaí na héagsúlachta teanga a phlé in aois na hintleachta saorga
Beidh an Chomhdháil Idirnáisiúnta ar thodhchaí na dteicneolaíochtaí teanga i ré na hintleachta saorga ar siúl i nGaillimh an 5 agus 6 Samhain 2026, i Staid Dexcom. Is í seo an chéad chomhdháil Eorpach atá dírithe go sonrach ar éagsúlacht teanga agus ar intleacht shaorga (IS), agus tá sí ar siúl mar Imeacht Gaolmhar faoi Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, a mhaireann ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig 2026. Táthar ag súil freisin gurb í seo an chéad cheann i sraith comhdhálacha ar an ábhar seo atá beartaithe a reáchtáil le linn Uachtaránachtaí amach anseo.
Tá todhchaí neamhchinnte roimh theangacha an domhain san aois dhigiteach, agus tógann an chomhdháil seo ar an gCruinniú ar IS agus Mionteangacha a tionóladh ar an gceist seo i San Francisco níos luaithe i mbliana. Thug an cruinniú sin guthanna ón tionscal, ón saol acadúil agus ó rialtais le chéile chun na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann le IS do mhionteangacha agus do theangacha dúchasacha a scrúdú.
Tá an tOllamh Thomas Mullaney, staraí ar theicneolaíocht teanga in Ollscoil Stanford, ar dhuine de na cainteoirí atá deimhnithe. Labhróidh sé faoina dtugann sé "Áirc an 21ú hAois" air – an cheist maidir le cé na teangacha ar domhan a mhairfidh, agus cé nach mairfidh, in aois na hIntleachta Saorga.
Díreoidh cainteoirí eile ar chomhthéacs níos leithne fhorbairt na hIntleachta Saorga, ag tabhairt le fios go bhfuil ceisteanna teanga, cultúir agus polaitíochta fite fuaite sa teicneolaíocht féin. Breathnóidh siad freisin ar an ról atá ag an Aontas Eorpach maidir le forbairt na hIntleachta Saorga a chur ar bhonn níos comhoibríche agus níos ionadaíche, ar mhaithe leis na daoine a úsáideann í.
Fógrófar tuilleadh cainteoirí sna seachtainí atá romhainn, mar aon le hainmneacha breise ón tionscal agus ón saol acadúil. Beidh príomhóráidí, painéalphlé agus ceardlanna ar chlár na comhdhála, a chlúdóidh teicneolaíocht teanga faoi thiomáint IS, uirlisí digiteacha agus ról shonraí teanga sa mheaisínfhoghlaim.
Táthar ag súil go mbeidh breis is 200 toscaire i láthair ag an gcomhdháil ó 20 tír, lena n-áirítear ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach, ó ambasáidí, ó chomhlachtaí náisiúnta teanga, ó ollscoileanna agus ó ghnólachtaí teicneolaíochta atá ag obair trasna na hIntleachta Saorga agus na teangeolaíochta.
Ag labhairt dó roimh an gcomhdháil, dúirt an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD:
"Ní córais chumarsáide amháin iad teangacha, iompraíonn siad féiniúlacht, oidhreacht, cuimhne agus dearcadh faoi leith ar an domhan, agus tá sé sin chomh fíor don Ghaeilge is atá sé d'aon cheann de theangacha an domhain. De réir mar a athraíonn an intleacht shaorga an bealach a bhíonn muid ag déanamh cumarsáide, tá sé riachtanach go n-oibreoidh an teicneolaíocht seo chun tacú le héagsúlacht teanga, seachas dochar a dhéanamh di. Tabharfaidh an chomhdháil seo guthanna le chéile ó Éirinn, ón Eoraip agus níos faide i gcéin, rud a léiríonn gur dúshlán domhanda é seo," a dúirt sé.
"Is deis ar leith é an comhdháil seo, le linn Uachtarántacht na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa, aird a dhíriú ar na croícheisteanna a bheidh os comhair na Gaeilge agus teangacha eile sna blianta amach romhainn. Is ceist ríthábhachtach í seo i gcomhthéacs na hEorpa chun a chinntiú nach bhfuil cultúr ársa na tíre seo ná na hEorpa caillte sa ré teicneolaíochta nua ach ina lár. Is cúis bróid do Údarás na Gaeltachta go bhfuil an plé seo ag tarlú anois agus é mar sprioc go mbeidh an cheist seo ar chlár oibre na hEorpa ar bhonn leanánach mar thoradh ar an obair seo." a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.
"Tá an-áthas ar ADAPT pobal teicneolaíochta teanga na hEorpa a thabhairt go Gaillimh. Neartóidh sé seo an rún daingean atá againn an Ghaeilge a ullmhú don saol digiteach agus don Intleacht Shaorga. Tabharfaidh an t-imeacht seo deis dúinn ról tábhachtach na hÉireann i Spás Sonraí Teanga na hEorpa a neartú, agus tacú le misean na Comhghuaillíochta um Theicneolaíochtaí Teanga (ALT-EDIC), misean atá dírithe ar éagsúlacht teanga agus saibhreas cultúrtha na hEorpa a chaomhnú," a dúirt an Dr Brian Davis, Ollamh Comhlach in Ionad ADAPT, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
Tá tuilleadh eolais agus sonraí clárúcháin ar fáil ag languagediversity.ie.