Taighdeoirí, tionscal agus lucht déanta beartais ar na scothdhaoine ina réimse le teacht le chéile i gCarna

Reáchtálfaidh Nua Mara, ionad nuálaíochta muirí na hÉireann, comhdháil idirnáisiúnta san Acadamh i gCarna, Co. na Gaillimhe ar an 22 Deireadh Fómhair a thabharfaidh le chéile cuid de na guthanna is mó ar domhan i réimse na mbithspreagthóirí agus na mbithlotnaidicídí muirbhunaithe, ionchuir nádúrtha, inbhuanaithe don talmhaíocht a dhíorthaítear as feamainn, mionalgaí, sliogéisc agus fo-tháirgí éisc.
Déanfaidh an t-imeacht aonlae, comheagraithe ag Teagasc, Nua Mara, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Mara, iniúchadh ar an slí gur féidir le nuálaíocht faoi threoir na heolaíochta cabhrú le bithacmhainní muirí freastal ar an éileamh méadaitheach ar roghanna eile inbhuanaithe, seachas gnáth-ceimiceáin talmhaíochta.
Beidh cainteoirí ó Éirinn, an Fhrainc, an Phortaingéil, Oileáin Fharó, an Iorua, an Nua-Shéalainn, Oileán Mhuirís, Singeapór agus na Stáit Aontaithe ag tabhairt aghaidh ar na deiseanna agus na constaicí atá roimh an earnáil. Pléifear dul chun cinn taighde, méadú tráchtála, reachtaíocht agus rialacháin ábhartha an AE agus na SA, infheistíocht, agus tacaíochtaí fiontraíochta. Cuirfear clabhsúr ar an gcomhdháil le painéal plé a tharraingeoidh moltaí le chéile d'fhorbairt na hearnála amach anseo.
Cuireann an chomhdháil béim ar an ról méadaitheach atá ag Éirinn mar mhol don taighde muirí agus don nuálaíocht gheilleagair ghoirm, go háirithe na réigiúin chósta ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh, agus Gaeltacht Chonamara ach go háirithe.
Dúirt Máire Ní Éinniú, Ceannasaí Nua Mara:
"Léiríonn an chomhdháil seo a bheidh againn i gCarna an fáth gur bunaíodh Nua Mara. Ba cheart dúinn mar thír an tsócmhainn is mó atá againn nach bhfuil úsáid cheart bainte aisti, an fharraige, a cheangal le ceann de na sócmhainní móra eile atá againn, is é sin an talmhaíocht. Tá an-chuid féidearthachtaí ann, agus is ceart go mbeadh an comhrá seo ar bun anseo ar chósta Chonamara, áit a bhfuil neart acmhainní nádúrtha, eolais agus staire againn."
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta:
“Is cúis bróid d'Údarás na Gaeltachta tacú le Nua Mara imeacht ar chaighdeán idirnáisiúnta den tsórt seo a thabhairt chun na Gaeltachta. Cruthaíonn forbairtí mar seo deiseanna taighde agus fiontraíochta ar ard luach do phobail chósta agus léiríonn siad an ról ríthábhachtach gur féidir leis an nGaeltacht a bheith aici i ngeilleagar gorm na hÉireann.”
Dúirt Dr Maria Hayes, Taighdeoir Sinsearach, Teagasc:
“Is fíor-réitigh iad fo-tháirgí próiseála éisc, feamainn agus mionalgaí, arna bhformáidiú mar bhithspreagthóirí ar na dúshláin dhomhanda a bhíonn roimh fheirmeoirí, táirgeoirí bia agus tomhaltóirí mar gheall ar an athrú aeráide. Tá sármhaitheas eolaíoch agus oideachas riachtanach chun bithspreagthóirí muirí a chur i bhfeidhm ar mhórscála sa talmhaíocht agus chun na reachtaíochta agus na rialachán ábhartha a chomhlíonadh. Is é príomhsprioc an imeachta seo ná eolas ar na rialacháin sin a roinnt.
Is mór an pléisiúr é an deis a bheith againn comhóstáil a dhéanamh ar an imeacht seo agus dul i gcomhar le saineolaithe domhanda, agus cabhrú le tairbhí don todhchaí a chinntiú do tháirgeoirí bithspreagthóirí Eorpacha, d'fheirmeoirí, do phróiseálaithe bia, do shaoránaigh dhomhanda agus do thomhaltóirí.”
Dúirt Dr Majbritt Bolton-Warberg, Bainisteoir Chlár an Gheilleagair Ghoirm, Foras na Mara:
“Aithníonn Foras na Mara a thábhachtaí atá an comhoibriú thar taighde, fiontraíocht agus beartas chun luach acmhainní muirí na hÉireann a bhaint amach go hinbhuanaithe. Tugann an siompóisiam seo deis thábhachtach an bonn eolais, na líonraí agus an cumas nuálaíochta atá mar bhonn le bithgheilleagar gorm na hÉireann a neartú.”
Is féidir clárú anseo: From Sea to Soil / Ó Mhuir go Talamh:Marine Biostimulants & Biopesticides Tickets, Thursday, October 22 • 9 AM - 6 PM | Eventbrite