
D'fhógair Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe, maoiniú do dhá scoláireacht iarchéime ar luach €10,000 an ceann do mhic léinn a chláróidh ar chlár MA na hOllscoile sa Phleanáil agus Forbairt an Meán Fómhair seo.
Thosaigh an scéim scoláireachta iarchéime den chéad uair in 2024. Tá sé deartha chun tacú le céimithe le Gaeilge a bhfuil suim acu cur le forbairt inbhuanaithe cheantair na Gaeltachta.
Beidh deis ag na hiarrthóirí rathúla taithí oibre luachmhar a fháil le hÚdarás na Gaeltachta agus léargas a fháil ar na dúshláin uathúla pleanála agus forbartha atá roimh phobail na Gaeltachta, go háirithe iad siúd a bhaineann le forbairt eacnamaíoch, sóisialta, oideachais, teangeolaíochta sóisialta agus cultúrtha.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta “Tá áthas orainn tacú leis an gclár seo. Soláthraíonn sé saineolas dóibh siúd a ghlacann páirt ann chun dul i ngleic le dúshláin phleanála agus fhorbartha a bhíonn roimh ghníomhaireachtaí poiblí agus iad ag cur straitéisí infheistíochta agus forbartha i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta agus tuaithe. Trí chur le hacmhainn laistigh d'Údaráis Áitiúla agus d'eagraíochtaí pleanála, táimid ag ullmhú glúin nua pleanálaithe gairmiúla a chuirfidh forbairt inbhuanaithe chun cinn i réigiúin Ghaeltachta sna blianta atá le teacht.”
Dúirt an Dr Therese Conway, Stiúrthóir an MA sa Phleanáil agus Forbairt in Ollscoil na Gaillimhe: "Tá pleanálaithe a thuigeann comhthéacs cheantair na mionteanga lárnach do thodhchaí réigiúin na Gaeltachta. Cuirfidh na sparánachtaí flaithiúla seo maoiniú ar fáil do bheirt chainteoir Ghaeilge a fhoghlaimeoidh na scileanna pleanála riachtanacha sa chlár MA, agus beidh siad in ann ansin a gcuid cumais teanga agus a n-eolas pleanála a úsáid sna ceantair uathúla seo."
Dúirt Tomás Ó Rallaigh, a fuair scoláireacht in 2025 agus atá ag déanamh MA sa Phleanáil agus Forbairt: "Thug scoláireacht Údarás na Gaeltachta deis dom an méid a bhí á fhoghlaim agam sa rang a chur i bhfeidhm ar thionscadail réadúla. Mar chuid den scoláireacht, fuair mé deis tréimhse taithí oibre a chaitheamh in Ardoifig an Údaráis sna Forbacha. Thug an taithí seo léargas dom ar an slí gur féidir le pleananna náisiúnta, réigiúnda, agus áitiúla tionchar a imirt ar fhorbairt agus inbhunaitheacht na gceantar Gaeltachta in Éirinn.”
Ullmhaíonn an MA sa Phleanáil agus Forbairt in Ollscoil na Gaillimhe céimithe do ghairmeacha in úsáid talún agus sa phleanáil fhisiciúil, suirbhéireacht, forbairt phobail agus réigiúnach, agus cleachtas pleanála inbhuanaithe. Cuireann an scoláireacht seo deis uathúil ar fáil do chéimithe atá ag labhairt Gaeilge cur le caomhnú agus fás phobal na Gaeltachta agus a gcáilíochtaí gairmiúla á gcur chun cinn. Tacaíonn an tionscnamh seo freisin le sprioc náisiúnta na seirbhíse poiblí chun 20% de na hearcaithe nua uile a bheith inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.
Is é an spriocdháta d'iarratais ná Dé Máirt 1 Meán Fómhair, 2026. Chun clárú, seol CV agus litir chumhdaigh, cóip Gaeilge agus Béarla, chuig therese.conway@universityofgalway.ie
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Dr Thérèse Conway, Stiúrthóir Cláir, ag therese.conway@universityofgalway.ie nó tabhair cuairt ar https://www.universityofgalway.ie/courses/taught-postgraduate-courses/planning-and-development.html.