Deiseanna Glasoiliúna do Cheardaithe agus Comhlachtaí Gaeltachta

24 Lúnasa, 2026

nóiméad léite

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil an scéim Glasoiliúnt oscailte anois le haghaidh iarratas. Tá an scéim dírithe ar cheardaithe agus comhlachtaí sa Ghaeltacht ar mhian leo scileanna nua a fhorbairt i gcaomhnú fuinnimh nó i dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite.

Clúdófar 75% de chostas i dtreo táillí teagaisc agus costais taistil do chúrsaí aitheanta suas le luach de €2,000 faoin scéim. Is í aidhm na scéime seo ná breis oiliúint a chur ar fáil do dhaoine proifisiúnta atá ag iarraidh cúrsa uasoiliúna a dhéanamh i réimse an fhuinnimh in-athnuaite.

Aithnítear go forleathan an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, agus an gá atá leis an lorg carbóin a ísliú chun an dlús atá faoin téamh domhanda a laghdú. Mar aon leis sin, tá ‘An Ghaeltacht Ghlas’ aitheanta ag Údarás na Gaeltachta mar dheis thábhachtach cur leis an gcruthú fostaíochta agus le heacnamaíocht na Gaeltachta.

Tá an-chuid deiseanna fostaíochta san earnáil seo lena n-airítear:

  • Suiteáil ghrianphainéal
  • Teicneoir Tuirbín Gaoithe
  • Anailísí Fuinnimh
  • Comhairleoir Comhshaoil
  • Suiteáil agus Cothabháil Teaschaidéal

“Tá méadú suntasach feicthe againn ar an éileamh ar scileanna praiticiúla chun bonneagar glas a chur in áit le blianta beaga anuas. Tá muid ag iarraidh go mbeadh teacht ag muintir na Gaeltachta ar na scileanna luachmhara sin, chun gur féidir leo na deiseanna a thagann leis an earnáil nua seo a thapú” a dúirt Aisling Nic Aoidh Oifigeach Oiliúna agus Oideachais, Údarás na Gaeltachta.

Ní teorann an liosta thuas, tá sé mar rogha ag an iarratasóir cén cúrsa a dhéanfaidh siad. Íocfar an deontas faoi réir threoirlínte ‘de minimis’ agus ba cheart go mbeadh an ghnó lonnaithe sa Ghaeltacht. Is gá gur cúrsaí aitheanta páirtaimseartha iad na cúrsaí seo. Cuir ríomhphost chuig oiliuint@udaras.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Is féidir clárú ag an nasc seo: Foirm Iarratais do Scéim Thacaíochta Glasoiliúint – Fill in form