
Tá tús curtha le sraith seisiúin eolais ar na tacaíochtaí agus deontais atá ar fáil chun athchóiriú a dhéanamh ar theach folamh sa Ghaeltacht. Tá na seisiúin á reáchtáil ag Colm MacEachmharcaigh, atá ceaptha ag Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Mhaigh Eo mar chomhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht ó thús na bliana.
De réir staitisticí ó Dhaonáireamh 2022, tá 6,098 teach folamh sna ceantair Ghaeltachta, 11% den stoc tithíochta iomlán, atá níos airde ná an meán náisiúnta de 8%. Is í an aidhm leis na seisiúin eolais seo ná daoine a spreagadh le úsáid a bhaint as na tithe folmha sin.
Deontais Athchóirithe suas le €70,000
Ar cheann de na príomhtheachtaireachtaí a scaipeadh ag na seisiún eolais, bhí sonraí faoin Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folamh, atá ar fáil trí na Comhairlí Contae i gcomhar leis an scéim Croí Cónaithe:
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta
"Is céim tábhachtach iad na seisiúin eolais atá á reáchtáil ag Colm. Tá postanna ar fáil sa Ghaeltacht agus cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta faoi láthair agus tá sé tugtha le fios ag na comlachtaí sin go bhfuil an easpa tithíochta ar cheann do na bacanna is mó ar earcaíocht faoi láthair. Ar an lámh eile, tá daoine ón nGaeltacht, daoine de bhunú na Gaeltachta agus daoine le Gaeilge araon ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht, áit go bhfuil tithe folmha agus tithe tréigthe ar fáil. Is céim í seo chun eolas cruinn a roinnt leis an bpobal faoi na tacaíochtaí atá ann, go spreagfar úinéirí na dtithe sin chun athchóiriú a dhéanamh orthu, agus go meallfar cainteoirí Gaeilge ar ais chuig an Ghaeltacht dá bharr."
Dúirt Colm MacEachmharcaigh Comhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht
“Mholfainn do dhaoine a bheith ag caint lena gcomharsan, lena muintir, faoin easpa tithíochta sa Ghaeltacht agus faoi na deontais atá ar fáil. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil tithíocht ar fáil do chainteoirí Gaeilge agus teaghlaigh óga sa Ghaeltacht, agus tá daoine le tithe folmha in ann cabhrú go mór leis sin.”
Ag dul chun cinn ar fud na Gaeltachta
Beidh an chéad seisiúin eile ar siúl i gCois Fharraige ar an 8ú Meán Fómhair. Ní mór teagmháil a dhéanamh le Colm MacEachmharcaigh ag cmaceachmharcaigh@MayoCoCo.ie chun clárú nó le haghaidh tuilleadh eolais. Tá clár chruinnithe faisnéise curtha le chéile a fhreastlóidh ar cheantair Gaeltachta ar fud na tíre sna míonna amach romhainn le dátaí le deimhniú.