
Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh siad mar chomhpháirtí i réimse cláir náisiúnta agus Eorpacha, le heagraíochtaí seachtracha, a chuirfidh tacaíochtaí ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta chun dul chun cinn eacnamaíoch, digiteach agus fiontraíochta a dhéanamh sa Ghaeltacht. I measc na gclár seo, dírithe ar nuálaíocht inbhuanaithe, margaí idirnáisiúnta, agus iomaíochas, tá Téigh i mBun Easpórtála, Borradh (Skillnet Innovation Exchange), Data2Sustain agus Cumasú.
Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: "Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i gcruthú deiseanna nua d'fhiontraithe agus do chliaintchomhlachtaí ar fud na Gaeltachta. Trínár gcuid comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí náisiúnta agus le tionscadail Eorpacha, táimid ag cur raon tacaíochtaí ar fáil dár gcliaint, a fheidhmíonn i réimse leathan earnálacha, chun cur ar a gcumas fás agus dul i ngleic le dúshláin an lae inniu."
Téigh i mBun Easpórtála
Tá an clár Téigh i mBun Easpórtála deartha chun tacú le comhlachtaí ag gach céim dá dturas chun díolacháin easpórtála nua a bhaint amach. Is í aidhm an chláir seo ná margaí idirnáisiúnta a aimsiú agus an chur chuige a dhéanamh níos simplí d’fhiontraithe. Cabhraíonn sé le comhlachtaí an t-eolas, an mhuinín agus na straitéisí a theastaíonn chun rath a bhaint amach i margaí idirnáisiúnta, a fhorbairt.
Tá sé dírithe ar chomhlachtaí déantúsaíochta agus seirbhísí trádáilte idirnáisiúnta in Éirinn atá ag iarraidh rath a bhaint amach i margaí idirnáisiúnta. Ní mór do chomhlachtaí níos lú ná €10,000 in díolacháin easpórtála in aghaidh na bliana a bheith acu i dTuaisceart Éireann nó in aon mhargadh idirnáisiúnta eile chun iarratas a dhéanamh.
Borradh (Skillnet Innovation Exchange)
Is comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus Skillnet Innovation Exchange é Borradh, atá dírithe ar dhlús a chur le nuálaíocht ar fud na Gaeltachta. Faoin gclár seo is féidir le gnólachtaí teacht ar réitigh ar dhúshláin dhigiteacha, oibríochtúla agus inbhuanaitheachta, agus ag an am céanna is féidir le comhlachtaí nuálacha teagmháil a dhéanamh le custaiméirí nua agus deiseanna tráchtála a thapú.
Cuimsíonn "borradh" fás, fuinneamh agus leathnú, agus is í aidhm an chomhpháirtíocht seo ná cabhrú le gnólachtaí nuálaíocht a fhorbairt agus a chur chun cinn agus dul in iomaíocht i ngeilleagar atá ag éirí níos digiteach de shíor.
Data2Sustain
I gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus páirtithe eile Éireannacha, tá Údarás na Gaeltachta páirteach sa togra European Digital Innovation Hub for Data-based Innovation for Circular Economy, Operations & Sustainability (Data2Sustain).
Tacaíonn Data2Sustain le comhlachtaí agus le heagraíochtaí ina gclaochlú digiteach, chun teicneolaíocht a húsáid go héifeachtach ina gcuid gnóanna, agus chun eolas faoi na forbairtí is nua i dtaobh cibearshlándáil, Intleacht Shaorga (AI) agus Ríomhaireacht ArdFheidhmíochta (HPC) a scaipeadh sa Ghaeltacht. Tógann an clár seo ar inniúlachtaí digiteach an AE agus cuireann sé le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha in Éirinn.
Cuireann an clár forbartha Data2Sustain saineolas taighde agus seirbhísí nuálaíochta ar fáil chomh maith le comhairle airgeadais, clár oiliúna agus forbairt scileanna atá riachtanach chun claochlú digiteach a chur i gcrích. Tá an clár seo á mhaoiniú ag Fiontraíocht Éireann faoin gclár Eorpach “European Digital Innovation Hub Programme” de chuid an Aontais Eorpaigh.
Cumasú
Dírithe ar banfhiontraithe, tá sé mar aidhm ag an gclár fiontraíochta Cumasú cur le deiseanna agus féidearthachtaí forbartha gnó do mhná sa Ghaeltacht. Freastalaíonn an clár CÚMASÚ TÚS ar mhná ag a bhfuil smaoineamh gnó acu agus ar mian leo sin a fhorbairt. Tá an clár CUMASÚ FÁS dírithe ar mhná atá i mbun gnó le breis agus 18 mí agus atá ag iarraidh fás agus méadú de réir scála, bunaithe ar fhoghlaim piara le piara le comhbhunaitheoirí ban.
Tá Cumsaú tionscnaithe agus maoinithe ag Údarás na Gaeltachta agus á reáchtáil ag Moil Nuálaíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Ionad Rubicon Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (OTM) i gcomhair leis an Údarás. Is é seo an chéad clár dá leithid á sholáthar go náisiúnta sna ceantair Ghaeltachta go sonrach.
Tá iarratas oscailte le haghaidh CUMASÚ TÚS anois, don chúrsa a bheidh ag tosú i lár mí Mheán Fómhair. Is é a spriocdháta le haghaidh iarratas ná 5 i.n. ar an 4ú Meán Fómhair 2026. Beidh an chúrsa á reáchtáil ar líne thar tréimhse 12 seachtain. Ní mór teagmháil a dhéanamh le Michelle Lee ag michelle.lee@atu.ie / 091 742 851 chun clárú.
Dúirt Ultan Ó Fátharta, Feidhmeannach Forbartha Mionfhiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta “Léiríonn na cláir seo an tiomantas atá ag Údarás na Gaeltachta tacú le comhlachtaí Gaeltachta ag gach céim dá bhforbairt, ó fhiontraithe atá ag tosú amach go comhlachtaí atá ag díriú ar mhargaí easpórtála. Trí chomhpháirtíocht a dhéanamh le heagraíochtaí náisiúnta agus Eorpacha mar seo, táimid ag cur uirlisí, saineolas agus maoiniú ar fáil a chuirfidh ar chumas ár gcliaint fás go inbhuanaithe agus a bheith iomaíoch ar an stáitse idirnáisiúnta."