Ó Ghaoth Dobhair go Ríge: Daltaí idirbhliana ag tógáil nuálaíocht Gaeltachta chun stáitse ag an gComórtas Fiontraíochta is mó san Eoraip d’fhiontraithe óga

7 Iúil, 2026

nóiméad léite

Bronnagh Carrothers as Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Anois agus an bua acu ag Clár na gComhlachtaí, beidh foireann ‘Cuan’ ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dún na nGall, ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn agus iad san iomaíocht le cuid de na mionchuideachtaí meánscoile is éirimiúla trasna na hEorpa.

Tá na fiontraithe óga ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair ar tí a nuálaíocht, cruthaitheacht agus a n-uaillmhian a chur os comhair muintir na hEorpa in Ríge, sa Laitvia, ag JA Gen-E 2026 an tseachtain seo, an Comórtas Fiontraíochta is mó san Eoraip d’fhiontraithe óga.

Is díol suntais í Gen-E i bhféilire fiontraíochta na hEorpa le breis agus 1,000 rannpháirtithe ó 39 tír éagsúla isteach ar an gcomórtas agus é mar ardán iontach d’fhiontraithe óga a smaointí gnó a roinnt, caidreamh a chruthú lena gcomhpháirtithe agus le ceannairí san earnáil, agus scileanna a fhorbairt don todhchaí.

Ó Ghaoth Dobhair go Stáitse Nuálaíochta na hEorpa
Chruthaigh na daltaí idirbhliana Brianna Na Fhíoruisce, Bronagh Carrothers agus Lucas Mac Daibhéid ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair teidí céadfach, Cuan, mar chuid de gnólacht a chruthaíonn bréagáin a thugann tacaíocht do pháistí néara-éagsúil.

Ní hamháin go bhfuil éacht déanta ag na daltaí seo i dtaobh na cruthaitheachta, tá éacht déanta acu i dtaobh na timpeallachta chomh maith agus teidithe atchúrsáilte in úsáid acu sa chomhlacht. Bailíonn na daltaí sean-teidithe ó chairde agus clann agus déanann siad uaschúrsáil orthu.

Is féidir gach teidí a chur in oiriúint do riachtanais speisialta an pháiste agus tá sé mar aidhm acu cuidiú le páistí a bheith ‘socair, sona agus aireach.’
Tá éacht bainte amach ag na daltaí Gaeltachta seo atá mar léiriú ar thionchar Clár na gComhlachtaí, atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltacht i gcomhpháirtíocht le Gnóthachtáil na Sóisear, Éire (Junior Achievement Ireland/ JAI). Tugann Clár na gComhlachtaí deis do dhaltaí taithí fiontraíochta a fháil fad agus an Ghaeilge a chur cinn mar theanga bheo don ghnó agus nuálaíocht.

Cuirfidh foireann na hÉireann a smaointí os comhair lucht féachana beo ag an bhféile idirnáisiúnta a bhí ar siúl thar 3 lá in Rigé, Laitvia. Chomh maith leis seo, bhí deis taispeántas a dhéanamh ar a dtáirge agus páirt a ghlacadh i gceardlanna idirgníomhacha.

Ag cruthú scileanna don Todhchaí

Trí pháirt a ghlacadh in Gen-E, faigheann daltaí i bhfad níos mó ná taithí comórtais amháin. Tugann sé scileanna criticiúil dóibh ina measc, obair foirne, cumarsáid, solúbthacht, réiteach fadhbanna – inniúlachtaí riachtanacha chun rath a bhaint sa saol idir oideachais agus oibre.

“Tá moladh ollmhór tuilte ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair ar éirigh leo an éacht seo a bhaint amach anois don dara bhliain as a chéile. Is mór an chúis bhróid dúinn ar fad san Údarás spiorad na fiontraíochta agus na nuálaíochta a fheiceáil sna fiontraí óga Gaeltachta. Táimid thar a bheith sásta leis an gcomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus JAI arís i mbliana. Tabharfaidh JA Gen-E aitheantas don Ghaeltacht ar bhonn domhanda agus níos tábhachtaí fós, do na daltaí iontacha atá ag maireachtáil inti!” a dúirt Aisling Nic Aoidh, Oifigeach Oideachais agus Oiliúna in Údarás na Gaeltachta.

“Tá sár-obair déanta ag an triúr fiontraithe óga seo as Gaoth Dobhair agus iad mar ionadaithe dá gclainne, dá scoil agus dá bpobal. Léiríonn an obair a bhí ar bonn acu agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gcomórtas an ard-caighdeán fiontraíochta atá á gcothú i scoileanna Gaeltachta. Is léiriú suntasach iad na daltaí seo, a gcumas agus a nualáíocht, go bhfuil todhchaí dóchasach i ndán don Ghaeltacht.” A dúirt Helen Raftery, Príomhfheidhmeannach Gnóthachtáil na Sóisear, Éire.

Ag tógáil ar rannpháirtíochta na hÉireann in Gen-E sna hAithne anuraidh, áit ar thaistil foireann ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Eco Paws, is léiriú í láithreacht na hÉireann ag an gcomórtas arís i mbliana ar láidreacht na fionraithe óga sa tír agus ar an tiomantas i dtaobh tallann nuálach, ionchuimsitheach a chothú ar bhonn náisiúnta.

Is fianaise iontach í dul chun cinn foireann Cuan, agus dar ndóigh na foirne Gaeltachta ar fad ar éirigh leo go dtí seo, ar an dtalann atá á chruthú go háitiúil i nGaeltachtaí fud fad na tíre. Trí deiseanna cosúil le Clár na gComhlachtai a chur ar fáil do dhaoine óga, tá Údarás na Gaeltachta agus JAI ag tacú leis an aos óg sna Gaeltachtaí páirt a ghlacadh agus gaisce a dhéanamh ní hamháin ar bhonn náisiúnta, ach ar bhonn domhanda.