Ceiliúradh ar Scoláirí Scéim Scoláireachta Gaeltachta 2026 – comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte

7 Iúil, 2026

nóiméad léite

Na mic léinn Gaeltachta ar bhronnadh Scoláireacht ÚnaG agus FSS orthu

Ar an Déardaoin 18 Meitheamh 2026, tháinig Údarás na Gaeltachta, Feidhmeannacht na Seirbhíse Slainte (FSS) agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta le chéile in Údarás na Gaeltachta sna Forbacha i gcontae na Gaillimhe, chun ceiliúradh a dhéanamh ar scoláirí Scéim Scoláireachta Gaeltachta 2026.

Bronnadh scoláireachtaí ar chúigear mac léinn i mbliana faoin scéim.  Reáchtáiltear an scéim mar chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe, agus Pobail agus Gaeltachta.

Tá an Scéim Scoláireachta Gaeltachta dírithe ar mhic léinn ollscoile ón nGaeltacht atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí a bhaineann le sláinte. Is é aidhm na scéime tacú le mic léinn Ghaeltachta, agus níos mó gairmithe sláinte le Gaeilge a spreagadh chun slí bheatha a thógáil sa Ghaeltacht.

Dúirt Rónán Mac an Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta

"Is buncheart do phobal na Gaeltachta go mbeadh siad in ann an chumarsáid ríthábhachtach a tharlaíonn idir othar agus soláthróir leighis a dhéanamh trí Ghaeilge. Ina theannta sin, is iontach an deis í an scoláireacht seo le fostaíocht Ghaeltachta a chur ar fáil do dhaoine óga cumasacha as an nGaeltacht. Déanann muid comhghairdeas leis na mic léinn ar bronnadh scoláireacht orthu go dtí seo as ucht a gcuid oibre agus a dtiomantas don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus dá gcúram san earnáil sláinte. Tá moladh mór tuillte acu."

Ag labhairt dó faoin scéim dúirt Jonathan Hoare, Stiúrthóir Réigiúnach Cumarsáide agus Gnóthaí Poiblí, FSS – an tIardheisceart:

"Is infheistíocht i dtodhchaí an chúraim sláinte i bpobail Ghaeltachta í an scéim scoláireachta seo. Tacaíonn sí le mic léinn ar féidir leo saineolas gairmiúil agus cumas Gaeilge a thabhairt isteach i seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta, rud a chabhróidh le seirbhísí níos inrochtana, níos freagraí agus níos nasctha leis na pobail a bhfreastalaíonn siad a fhorbairt."

Bronnadh scoláireachtaí ar chúigear mac léinn i mbliana. Tá na scoláirí i mbun staidéir sa leigheas agus san altranas ginearálta, agus tá nasc láidir acu lena bpobail Ghaeltachta.

Bronnadh scoláireacht ar:

  • Colm de Buitléar as an gCeathrú Rua atá ag tabhairt faoi Leigheas (BMBS) in Ollscoil Luimnigh
  • Éilis Ní Ruiséil as Gort an Choirce atá ag tabhairt faoi Leigheas in Ollscoil Luimnigh
  • Colm Ó hEartáin as Corca Dhuibhne atá ag tabhairt faoi Leigheas in Ollscoil na Gaillimhe
  • Leah Nic Dhonnacha as Camus Uachtair atá ag tabhairt faoi Altranas in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne
  • Siona Ní Chonghaile as Inir Mór atá ag tabhairt faoi Altranas Ginearálta in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Sligeach.

Bronnadh teastas freisin ar bheirt Alumni de chuid na scéime, Dr. Odharna Ní Dhomhnalláin as Ros Muc, Conamara, ar bhronnadh scoláireacht uirthi in 2017 agus í ag tabhairt faoi Leigheas i gColáiste na Tríonóide (agus atá anois ag tabhairt faoi chúrsa sa Chógaseolaíocht Chliniciúil agus Teiripeolaíocht), agus Fedelma Ní Ráighne as Indreabhán ar bhronnadh scoláireacht uirthi in 2024 agus í ag tabhairt faoi Dioplóma Iarchéime sa Teiripe Spraoi.

Tá sé mar aidhm ag an scéim rochtain ar sheirbhísí sláinte trí Ghaeilge sa Ghaeltacht a fheabhsú, a luíonn le misean an Údaráis i dtaobh láidriú na Gaeilge agus tacú le pobail na Gaeltachta faoi chéile

Áirítear leis an scoláireacht deontas €4,000 in aghaidh na bliana do bhlianta 2 go 4 den chúrsa. Is gá a bheith líofa sa Ghaeilge, as an nGaeltacht agus cláraithe faoi láthair ar chúrsa fochéime i réimse na sláinte chun cur isteach ar an scoláireacht.

Is údar áthais é d’Údarás na Gaeltachta tacú leis an FSS arís i mbliana chun an scéim scoláireachta seo a chur ar fáil agus an ócáid céiliúrtha a reáchtáil den chéad uair chun na mic léinn iontacha seo a bhain scoláireacht amach i mbliana a chéiliúradh.

Tuilleadh eolais faoin scéim: https://about.hse.ie/our-work/sc%C3%A9im-scol%C3%A1ireachta-gaeltachta/

Éilis Ní Ruiséil as Gort an Choirce
Colm De Buitléir ón gCeathrú Rua
Colm Ó hEartáin as Corca Dhuibhne
Leah Nic Dhonnacha as Camus Uachtair
Dr. Odharna Ní Dhomhnalláin as Ros Muc
Fedelma Ní Ráighne as Indreabhán

Tuilleadh grianghraif ón ócáid ar fáil anseo