An tAire Dara Calleary ag fógairt comhpháirtíochta idir Skillnet Innovation Exchange agus Údarás na Gaeltachta

1 Iúil, 2026

nóiméad léite

Ag fógairt comhpháirtíochta idir Skillnet Innovation Exchange agus Údarás na Gaeltachta bhí An tAire Dara Calleary, Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. Ken Finnegan, Príomhoifigeach Straitéise Skillnet Ireland agus Conor Carmody, Stiúrthóir Skillnet Innovation Exchange.

D'fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, comhpháirtíochta idir Skillnet Innovation Exchange agus Údarás na Gaeltachta.

Tugann Skillnet Innovation Exchange tacaíocht do ghnólachtaí beaga agus móra araon. Cuirfidh an chomhpháirtíocht idir Skillnet Innovation Exchange agus Údarás na Gaeltachta borradh faoi phobal gnó sa Ghaeltacht agus sna ceantair réigiúnacha.

"Léiríonn an chomhpháirtíocht seo cumhacht an chomhoibrithe réigiúnaigh chun iomaíochas náisiúnta a chur chun cinn," a dúirt an tAire Dara Calleary. "Tugann sí gníomhaireachtaí fiontraíochta, ceannairí tionscail, comhlachtaí beaga agus meánmhéide, agus páirtithe leasmhara le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhíordhúshláin gnó agus chun deiseanna tráchtála nua a oscailt. Trí réiteach nuálacha, cuideoidh an comhpháirtíocht seo le gnólachtaí i gceantair réigiúnacha agus Ghaeltachta teacht ar mhargaí nua, comhpháirtíochtaí straitéiseacha a fhorbairt agus dlús a chur lena bhfás."

"Tacaíonn Údarás na Gaeltachta le gnólachtaí margaí nua, teicneolaíochtaí nua, táirgí nua agus comhghuaillíochtaí straitéiseacha nua a fhorbairt trí thaighde agus forbairt," a dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. "Tá comhlachtaí Gaeltachta gníomhach i raon earnálacha tráchtála, na heolaíochtaí beatha, an turasóireacht, próiseáil éisc, fuinneamh in-athnuaite, bia, na meáin closamhairc agus digiteacha, ealaín agus ceardaíocht. Mar sin, tá an-áthas orainn leis an gcomhpháirtíocht le Skillnet Innovation Exchange, mar tacaíonn sé lenár bpríomhchuspóir; ag cruthú post, tairgí agus seirbhísí nua sa Ghaeltacht agus níos faide i gcéin'

"Tabharfaidh an chomhpháirtíocht seo idir Skillnet Innovation Exchange agus Údarás na Gaeltachta buntáistí suntasacha do ghnólachtaí áitiúla," a dúirt Ken Finnegan, Príomhoifigeach Straitéise Skillnet Ireland.

"Ag Skillnet Innovation Exchange, cuidímid le heagraíochtaí fás trí chlaochlú digiteach, glacadh leis an intleacht shaorga agus nuálaíocht inbhuanaitheachta," a dúirt Conor Carmody, Stiúrthóir Skillnet Innovation Exchange. "Tá an-áthas orainn ár gcomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta a sheoladh chun caidreamh nua éifeachtach a chothú le gnólachtaí sa réigiún, agus muid ag cur tallainne den scoth ar taispeáint agus ag tacú le comhlachtaí agus iad ag dul i méid."

Ó 2022 i leith, tá comhpháirtíocht rathúil bunaithe ag Skillnet Innovation Exchange le moil réigiúnacha ar fud na tíre, ar nós Platform 94 i nGaillimh, Republic of Work i gCathair Chorcaí, The Ludgate Hub sa Sciobairín, Co. Chorcaí, The Mill i nDroichead Átha, an RDI Hub i gCiarraí, agus GreenTech HQ in Inis Córthaidh.