Ráiteas Tosaigh  ó Thomás Ó Síocháin Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

30 Meitheamh, 2026

nóiméad léite

Ráiteas Tosaigh

 ó Thomás Ó Síocháin

Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

do

Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge

30 Meitheamh 2026

A Chathaoirligh, a chara, ba mhaith liom ar an gcéad dul síos comhghairdeas a dhéanamh leat ar do cheapacháin, agus go mairfidh tú do chúram nua.

A Theachtaí agus A Sheanadóirí, a chairde,

Is mór againn an cuireadh teacht os bhur gcomhair inniu chun plé a dhéanamh libh ar an roinnt ábhar atá ag croílár obair Údarás na Gaeltachta. Tá an plé seo tráthúil, tá an dréacht straitéis don gcúig bliain amach romhainn á roinnt le Roinn na Gaeltachta agus tá súil an straitéis sin a roinnt leis an bpobal i dtreo dheireadh na bliana.

Cúlra & Comhthéacs

Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar phríomhtheanga pobail na Gaeltachta an bunchuspóir atá le polasaithe agus gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta. Chuige sin, ní mór béim ar leith a chur ar dheiseanna cainte a chruthú do dhaoine sa stráitéis nua. Tugtar le fios, mar shampla sa daonáireamh 2022 go bhfuil breis agus 65,156 duine sa Ghaeltacht atá in ann Gaeilge a labhairt, ach nach bhfuil ach 20,261 do na daoine sin á labhairt taobh amuigh don gcóras oideachais ar bhonn laethúil. Ní mór sa chomhthéacs sin deiseanna cainte a chruthú dóibh siúd sa Ghaeltacht agus mar chéad chéim don 195,029 duine taobh amuigh don Ghealtacht, go bhfuil Gaeilge an mhaith acu, de réir figiúirí daonáirimh.

Tá trí mhór théama sa dréacht stráitéis chuige sin;

• ceannaireacht agus cumasú na n-óg – ag cinntiú go bhfuil na scileanna, deiseanna agus uirlisí ag an gcéad ghlúin eile do chainteoirí Gaeilge a thabharfaidh an deis dóibh cur go mór leis na réimsí ina bhfuil sé nádúrtha an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethiúil in aeráid ina bhfuil an saol agus an saol oibre ag athrú ar luas lasrach.

• Tógáil ar an mbunchloch láidir fostaíochta agus tionsclaíochta atá ann faoi láthair chun acmhainní na h-eagraíochta a úsáid chun áiseanna agus tacaíochtaí a chur ar fáil don phobal. Beidh briseadh síos sonrach sa stráitéis ar fhorbairt ar mhórthograí caipitil – an chéad chéim ag stáidéar féidearthachta, an dara chéim – cead pleanála a fháil más cuí, agus foinsí maoinithe seachtracha agus inmheánacha a dhearbhú chuige, agus an triú chéim, nuair go bhfuil an dá chéim sin in áit, an togra a bhainistiú agus a sheachadadh – agus na spriocanna teanga, fostaíochta agus forbartha pobail a bhaint amach.

• Beidh an stráitéis nua ag tógáil ar bhunchloch láidir polasaí atá in áit ag an Rialtas. Tá béim ar leith, faoin Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026 2028, ar sheachadadh seirbhísí don phobal sa Ghaeltacht agus molchampais Gaeltachta don stáit-chóras a fhorbairt ina mbeidh daoine ag cur fúthu sa Ghaeltacht. Tá deis ansin cur le deiseanna fostaíochta trí mheán na Gaeilge, ach ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil cosán fiúntach forbartha gairme ina lár. Tá deis ann tograí píolótacha – mar chuid do ‘bhoscaí gainimh’ agus limistéir nuálaíochta a fhorbairt. Go bunúsach trí thógáil ar na h-achmhainní nádúrtha agus an daonra oilte go sonrach, go mbeadh an Ghaeltacht mar cheantair a bheidh chun tosaigh ó thaobh cur chuigí nua a thriail agus go mbeadh an Ghaeltacht dá réir ina eiseamláir agus mar dheis foghlama don tír trí chéile. Meallann sé sin acmhainní, deiseanna forbartha agus taighde agus tugann sé tús áite sna réimsí is mó tábhacht do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar bharr air sin.

Súil siar ar an mbliain 2025

Mar chomhthéacs, ba mhaith liom torthaí na bliana seo caite a chur i bhur láthair. Ag deireadh na bliana 2025, don dara bhliain as a chéile, bhain comhlachtaí go bhfuil an tÚdarás ag tacú leo díolacháin ar fiú níos mó na €1 mhíle milliún (€1 billiún) iad. Chuir na comhlachtaí sin luach €570m le geilleagar na tíre, buntáiste nach beag don státchiste mar thoradh ar infheistíocht an stáit in obair Údarás na Gaeltachta.

Chruthaigh na comhlachtaí sin 681 post nua in 2025. 9,716 duine atá ag obair sna comhlachtaí sin, trasna na gceantar Gaeltachta sna seacht gcontae. Cuireann an bunchloch sin deis ar fáil do theaghlaigh cur fúthu sa Ghaeltacht agus an chéad ghlúin eile a thógáil sa Ghaeltacht. Chuige sin mar shampla tá caiteachas ar thograí caipitil na h-eagraíochta méadaithe ó €8.1m i 2021 go €19.3m i 2025. Léiríonn sé sin an infheistíocht leanúnach atá á dhéanamh i bhfoirgintí nua, ar uasghrádú punann maoine an Údaráis agus ar thograí eile sa phíblíne caipitil don dtréimhse reatha don bPlean Náisiúnta Forbartha.

Lean an obair thacaíochta i rith na bliana faoin gCiste Forbartha Pobail, Forbartha Teanga agus Eagraíochtaí Forbartha Pobail i 2025, ciste de luach €7.38m. Ó thaobh na tithíochta de, tá dul chun cinn déanta ar an gcomhoibriú leis na h-údaráis áitiúla agus tá súil dul i dtreo céim na pleanála ar thrí shuíomh roimh dheireadh na bliana seo, agus ag tarraingt ar chistí reatha na Roinne Tithíochta, tógáil ar na múnlaí sin sna blianta amach romhainn. Tá sraith cruinnithe eagraithe sna contaetha gaeltachta ar fad chun aird a tharraingt ar Scéim na dTithe Tréigthe i gcomhpháirt le Comhairle Contae Mhaigh Eo. Tá athbhreithniú foilsithe ag Roinn na Gaeltachta i leith an phróiseas Pleanála Teanga agus tús le cur leis an dara timthriall do chur chuige ina bhfuil 28 Plean Teanga, 33 Oifigeach Pleanála Teanga agus buiséad €3.9m luaite leis an obair sin . Ba mhaith liom fáilte a chur roimh fhógra an Aire le seachtain anuas go bhfuil €5.3m curtha ar fáil chun tacú le tograí teanga agus óige.

Deiseanna suntasacha amach romhainn

Ba mhaith liom díriú isteach ar roinnt deiseanna suntasacha atá ag teacht chun cinn, a bhuíochas sin do pholasaithe Rialtais, polasaithe atá in áit le tamall agus polasaithe nua atá in áit ó thús na bliana. Tá tionchar láidir ag na polasaí sin ar an gcur chuige don stráitéis nua. Sheol an tAire Calleary Plean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028 in Eanáir na bliana seo. Beidh stáidéar féidearthachta á ndéanamh i mbliana ar aonaid shonracha seirbhíse poiblí (molchampais Gaeltachta) a bhunú sa Ghaeltacht nó a athlonnú chuig an nGaeltacht. Is deis ar leith é seo do phobal na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge.

Ní mór cosán forbartha gairme fadtéarmach a bheith ina lár, a mheallfadh daoine ag gach leibhéal agus le scileanna agus cúlraí éagsúla chun na Gaeltachta. Tá an tÚdarás réidh agus acmhainní an Údaráis, ar nós an ghréasán gteic mar shampla a chur ar fáil, chun tacú le obair Roinn na Gaeltachta an stáidéar féidirtheachta atá luaite sa phlean a chur i gcrích chomh luath agus is féidir.

Tá an obair atá déanta agus beartaithe ar dhigitiú na Gaeilge i lár na h-oibre seo. Tá oiliúint curtha ar fáil cheana féin do fhoireann an Údaráis agus cuirfear breis deiseanna oiliúna ar fáil sa réimse seo i rith an tsamhraidh, ar Champas Íosagáin mar shampla, dírithe ar an earnáil phoiblí, ar Eagrais Forbartha Pobail agus do chomhlachtaí eile in imeacht ama. Beidh an t-éileamh ar oiliúint agus na h-uirlisí nua seo ag cruthú éilimh do fhiontraithe nua feidhmiú sa spás seo trí mheán na Gaeilge. Tá comhpháirtíocht ar bun le Gaeilge 365 agus An Mol Digiteach i mBaile Átha Cliath a bheidh ag tacú le comhlachtaí sna Gaeltachtaí agus ar fud na tíre freastal ar an obair seo agus ardán soláthar phoiblí a chur in áit dóibh chun an deis fáis a thapú. Tabharfaidh an togra seo deis forbartha agus ardán forbartha do chomhlachtaí gaeltachta, atá ag feidhmiú agus ag tairiscint seirbhísí trí mheán na Gaeilge go sonrach, tarraingt ar chaiteachas stáit chun borradh a chur faoina ngnó.

Sa tslí seo, beidh ról ar leith ag Údarás na Gaeltachta cur leis an raon seirbhísí atá ar fáil don phobail ag úsáid áiseanna nua digiteacha. Is obair nuálaíochta é sin, sampla don deis atá ann tograí nuálaíochta a lonnú sa Ghaeltacht, mar a bheadh ‘bosca gainimh’ Gaeltachta ann. Ciallaíonn sé sin, in áit go bhfuil buntáiste ag ceantar Gaeltachta – má tá farasbarr fuinneamh gaoithe sa cheantar mar shampla, gur féidir an buntáiste sin a úsáid chun tograí píolótacha a fhorbairt sa Ghaeltacht, ach an taithí agus saineolas sin a roinnt ar bhonn náisiúnta ina dhiaidh sin. Tá saineolas domhan forbartha in áiteanna ar leith, an earnáil teic leighis timpeall ar chathair na Gaillimhe mar shampla, áit a bhfuil an líon is airde tograí nuálaíochta maoinithe ag an gciste nuálaíochta DTIF in aon cheantar amháin ann. Tá deis ann an saineolas idirnáisiúnta sin a úsáid chun tograí áitiúla a fhorbairt a bheidh chun leasa an phobail agus comhlachtaí beaga.

Tá an cur chuige sin luaite go sonrach i bpolasaí rialtais i réimsí fuinnimh inathnuaite, tithíochta, seirbhísí phoiblí agus iompair. Tá Údarás na Gaeltachta ag iarraidh na deiseanna sin a thapú, do chliantchomhlachtaí, do phobail na Gaeltachta agus go sonrach mar dheis oiliúna don aos óg.

An tseachtain seo mar shampla, tá Údarás na Gaeltachta ag lorg léirithe spéise ó eagraíochta tithíochta agus eile go mbeadh suim acu scéim píolótach tithíochta ar chíos íseal fadtéarmach a fhorbairt ar thalamh an Údaráis ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Tá cead faighte ó nGníomhaireacht Tithíochta an scéim STAR a leasú chun ocht n-áit cónaithe a fhorbairt ar láthair go bhfuil ceithre theach folamh ann. Is cabhair mór an tacaíocht ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall, an Ghníomhaireacht Tithíochta agus Bord an Údaráis a thacaigh leis an obair seo. Beidh an múnla seo inaistrithe chuig ceantair eile má éiríonn leis.

Cé go bhfuil, mar atá leagtha amach, ardú tagtha ar chaiteachas caipitil Údarás na Gaeltachta, beidh súil agus muid ag tabhairt faoi thograí uaillmhianacha straitéiseacha tarraingt ar fhoinsí eile maoinithe. Pléadh an t-ábhar sin ag Cruinniú Bhord Údarás na Gaeltachta ar an Aoine seo caite i mBéal an Mhuirthead agus aontaíodh do aon ghuth go

‘dtógfaidh gach Roinn Stáit suntas do na cúramaí pholasaí atá in áit agus a bheidh ag teacht i bhfeidhm don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus ar an obair ullmhúcháin atá ar bun do Bhuiséad 2027 ionas go mbeidh tagairt sonrach agus buiséad chuige don obair sin ar phlean oibre gach Roinn Stáit don bhliain 2027 agus gach bliain ina dhiaidh sin.’

Mar fhocail scoir, a Chathaoirligh, thar mo cheann mar Phríomhfheidhmeannach, agus Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbairt Pobail, Réigiúin agus Pleanála Teanga agus Ruairí Ó Néill, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha, ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl duitse agus do chomhleacaithe Dála agus Seanaid. Cuirimíd fáilte anois roimh aon cheist atá agaibh.