
í ó shin, sheol Údarás na Gaeltachta Clár Ceannais LLM na Gaeilge, an chéad togra dá leithéid, a dhéanann meastóireacht chuimsitheach ar éifeachtacht córas Intleachta Saorga (IS) sa Ghaeilge. Forbraíodh é i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil Luimnigh, agus taighdeoirí neamhspleácha, agus tugann an clár ceannais trédhearcacht ar an cheist: cé chomh maith agus a fhreastalaíonn IS nua-aimseartha ar chainteoirí Gaeilge?
I mí an Mheithimh, cuireadh ceithre chóras IS eile leis an chlár ceannais: dhá chóras Gemini eile, Claude Opus 4.8 ó Anthropic, agus GLM 5.2, a sheol an comhlacht Síneach Z.ai. Tá na ceithre chóras nua go léir tar éis dul isteach sna cúig cinn is fearr, agus léiríonn na torthaí is déanaí roinnt forbairtí suntasacha.
Tá Gemini Flash fós i mbarr an chláir ceannais. Ba é an toradh is suntasaí ón mhí seo caite ná go raibh córas beag Gemini Flash ag déanamh níos fearr ná córais IS níos mó.
Tá GLM 5.2, a sheol Z.ai, tar éis dul isteach sna cúig cinn is fearr agus is é an córas IS oscailte is fearr feidhmíocht atá ar an chlár ceannais anois. Tá feabhas suntasach déanta aige i gcomparáid le córais IS oscailte eile, agus tá sé anois chun tosaigh ar roinnt córais a úsáidtear go forleathan i gcúraimí Gaeilge freisin.
Léiríonn Claude Opus 4.8, ó Anthropic, feidhmíocht níos fearr ar an Ghaeilge ná aon chóras Claude a tástáladh roimhe.
Idir an dá linn, tá GPT-5 ó OpenAI tar éis bogadh síos sa liosta mar thoradh ar na hiontrálacha nua seo, ón 2ú háit go dtí an 6ú háit. Táthar ag súil le leaganacha GPT eile a thástáil i mí Iúil.
Do phobail Ghaeltachta, foghlaimeoirí, agus cruthaitheoirí ábhair Ghaeilge, tá tábhacht ag baint leis na hathruithe seo go praiticiúil agus go teoiriciúil araon: is féidir leis an chóras a roghnaítear tionchar a imirt ar cé chomh maith agus a bheidh taithí an duine ar an Ghaeilge a úsáid.
Mar a mhínigh Colm Ó Riain, Comhairleoir IS:
"Mí istigh san obair seo agus tá an méid atáthar tar éis a fháil amach cheana féin ag dul leis an méid a thugamar faoi ndeara i dtús: an chéad rud, nach leor scála mór amháin chun dul chinn a dhéanamh i dteangacha ar bheagán acmhainní digiteacha mar an Ghaeilge; an dara rud, go bhfuil an réimse seo ag athrú chomh tapaidh sin gur féidir na háiteanna ag barr an chláir athrú taobh istigh de chúpla seachtain. Tá muid ag tnúth le forbairtí eile feasta, le feiceáil cén chabhair ar féidir leis an teicneolaíocht seo a thabhairt do Phobal na Gaeltachta agus don Ghaeilge."
Tá Clár Ceannais LLM na Gaeilge ar fáil saor in aisce anseo: https://leaderboard.insight-centre.org/.
Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh chomhoibriú leanúnach ó fhorbróirí IS, ó institiúidí acadúla, agus ó chomhlachtaí teanga a roinneann an sprioc, go mbeidh an Ghaeilge á húsáid go dáiríre ag córais IS, leis an líofacht, an chruinneas, agus an tuiscint chultúrtha a thuilleann an teanga.