
Tá tús curtha leis an obair ar Inis, ionad cuairteoirí nua ar Oileán Chléire, Contae Chorcaí. Cuirfidh an t-ionad seo saol, stair agus oidhreacht mhuirí an oileáin i láthair an phobail. Tá Fáilte Éireann agus Údarás na Gaeltachta ag obair le chéile ar an togra seo, i gcomhar le Comharchumann Chléire Teo, comhlacht forbartha an phobail áitiúil.
Beidh Inis ar oscailt an bhliain ar fad agus é mar aidhm aige séasúr turasóireachta an oileáin a fhorbairt agus go mbainfidh comhlachtaí agus muintir na háite buntáiste as. Inseoidh an t-ionad scéal ársa an oileáin agus a oidhreachta muirí, chomh maith le scéal cáiliúil Theach Solais Charraig Aonair.
Tá dhá bhrí leis an bhfocal Inis sa Ghaeilge: oileán, ach freisin scéal a insint. Tá an dá bhrí sin mar bhonn faoin ionad nua, scéal an oileáin a chur os comhair cuairteoirí ar bhealach nua-aimseartha.
Labhraítear Gaeilge ar Oileán Chléire mar theanga bheo phobail. Theastaigh ó mhuintir an oileáin a scéal a insint ar a mbealach féin agus as sin a d'fhás an togra seo. Tá an togra mar chuid de Phlean Forbartha Turasóireachta Iarthar Chorcaí.
Táthar ag súil go n-osclóidh Inis in 2027. Tabharfaidh sé eolas cuimsitheach do chuairteoirí faoin oileán agus spreagfaidh sé iad chun iniúchadh a dhéanamh ar sheandálaíocht agus ar shaibhreas nádúrtha Chléire.
Mary Stack, Ceann Forbartha Táirgí, Fáilte Éireann:
"Beidh Inis ar cheann de na hionaid is fearr in Éirinn do chuairteoirí. Tabharfaidh sé eispéireas ardchaighdeáin faoi dhíon a léiríonn saibhreas Oileán Chléire. Cuideoidh sé le fostaíocht a choinneáil ar an oileán i gcaitheamh na bliana ar fad. Sin é an fáth a bhfuil Fáilte Éireann sásta comhoibriú le hÚdarás na Gaeltachta agus le muintir an oileáin ar thogra chomh tábhachtach leis seo."
Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:
"Seo deis ar leith do chuairteoirí léargas a fháil ar Oileán Chléire agus ar scéal iontach Charraig Aonair. Neartóidh sé geilleagar an oileáin agus tabharfaidh sé tacaíocht don Ghaeilge agus don phobal go fadtéarmach. Gabhaim buíochas le Fáilte Éireann agus le muintir Oileán Chléire as comhoibriú ar an togra seo."