Lá Oscailte ag gteic@Gaoth Dobhair ar an 18 Meitheamh

Do gteic. Do chéad chéim eile - imeacht speisialta ag gteic@Gaoth Dobhair

11 Meitheamh, 2026

nóiméad léite

Tá cuireadh á thabhairt ag Údarás na Gaeltachta do ghnólachtaí, d’fhiontraithe, do shaoroibrithe agus do dhaoine atá sa tóir ar dheiseanna cianoibre freastal ar imeacht speisialta ag gteic@Gaoth Dobhair (F92 PT38) ar Déardaoin, 18 Meitheamh idir 11:00 agus 13:00.

Ag an imeacht seo beidh lucht freastail in ann taithí phearsanta a fháil ar mhoil digiteacha nua-aimseartha, bualadh leis an bhfoireann, agus cuntas bunaidh a fháil ó na gnólachtaí atá i mbun gnó san áit faoi láthair. Is é Údarás na Gaeltachta agus eagraíochtaí comhpháirteacha ar fud na gceantar Gaeltachta a bhainistíonn an gréasán gteic agus, chun tacú le gnólachtaí, cuireann sé spásanna oibre solúbtha, gairmiúla agus cost-éifeachtúla ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta, do chianoibrithe agus do ghnólachtaí atá ag fás, mar aon le réimse cuimsitheach tacaíochtaí agus clár gnó eile chun dlús a chur leis an rath atá orthu.

Ar chlár na hócáide beidh:

  • Fáiltiú agus cur in aithne ó Údarás na Gaeltachta ina dtabharfar cuntas gairid ar caidé mar a thacaíonn an gréasán gteic le gnólachtaí tosú, fás agus oibriú níos éifeachtaí.
  • Pléphainéal ar an eispéireas gteic a ndéanfaidh Mark O’Connell (OCO Global) cathaoirleacht air agus ina labhróidh daoine le gnólachtaí agus ó ghairmithe atá lonnaithe sa mhol.
  • Turas treoraithe ar an spás oibre agus ar na háiseanna agus beidh deis ann líonrú a dhéanamh le rannpháirtithe agus sólaistí a bhlaiseadh ina dhiaidh.

Dúirt Pádraig Ó Beaglaoich, Ceannasaí Mol Digiteach (gteic) thar ceann Údarás na Gaeltachta, ‘Tá an gréasán gteic ann chun cur ar chumas daoine obair leo agus a ngnólachtaí a fhás agus a mhéadú sa Ghaeltacht, mar aon le deiseanna gairmiúla a sholáthar dóibh nascadh le gairmithe eile. Is deis é an t-imeacht seo chun léargas a fháil ar a bhfuil ar fáil ar leac an dorais agat, chun aithne a chur ar dhaoine, agus chun eolas a fháil ar an gcaoi ar féidir le spás oibre solúbtha gteic@Gaoth Dobhair tacú leat do chéad chéim eile a ghlacadh.”

Fóirfidh an t-imeacht seo do dhaoine atá ag dul i mbun gnó den chéad uair, do shaoroibrithe, do chianoibrithe, do ghnólachtaí atá i mbun gnó sa Ghaeltacht le fada agus do mhórchomhlachtaí atá ag iarraidh spásanna oibre solúbtha a fháil dá mbaill foirne.

“Tá sé d’acmhainn againn gairmithe nó gnólachtaí ar scála ar bith a óstáil san áis iontach seo i nGaoth Dobhair, atá ar cheann de na háiseanna is mó atá againn sa ghréasán gteic.”

Tá saorchead isteach ach is gá clárú ar Eventbrite roimh ré ag an nasc seo: https://www.eventbrite.ie/e/la-oscailte-open-day-in-gteicgaoth-dobhair-tickets-1990322593455?aff=oddtdtcreator&keep_tld=true