Bunscoileanna Gaeltachta tagtha le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na nAigeán 2026

8 Meitheamh, 2026

nóiméad léite

Bhailigh 133 daltaí Ghaeltachta le chéile le déanaí mar chuid de Lá Mara na Scoileanna ag Ionad Pobail Chill Chiaráin. D'eagraigh Údarás na Gaeltachta agus Nua Mara Lá Mara na Scoileanna mar chomóradh ar Lá Domhanda na nAigeán 2026.

Eagraíodh Lá Mara na Scoileanna ag Ionad Pobail Chill Chiaráin chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na nAigeán 2026. Bhí 133 daltaí Gaeltachta i láthair ag an imeacht eagraithe idir Údarás na Gaeltachta agus Nua Mara agus comhpháirtithe eile.

Tá Scoil na hAirde, Scoil Mhuire Charna, Scoil Cholmáin Muighinis, Scoil na hAirde Móire, agus Scoil Chill Chiaráin ag obair le chéile mar chuid de chlár píolótach comhoibritheach chun na bunscoileanna Gaeltachta i gceantar Charna agus Chill Chiaráin a thabhairt le chéile ar bhonn foghlama. D’eascair an lá as éileamh ó na páistí iad féin, ag léiriú an nasc láidir idir muintir na háite agus an fharraige.

Ghlac na páistí páirt i gclár saibhir gníomhaíochtaí ar feadh an lae. Thug Bord Iascaigh Mhara an ARC (Seomra Ranga Cianda Dobharshaothraithe) leo, ag tabhairt réamheolas tumthach do pháistí ar fheamainn a shaothrú agus ar na buntáistí a thagann leis sin. Cuireadh uisceadán teagmhála ar fáil i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Ollscoil na Gaillimhe, a thug deis do pháistí dul in aithne le gliomach beo, luaineacháin, agus speicis áitiúla eile, a sholáthraigh Sliogéisc Seoighe, cuideachta sliogéisc áitiúil.

Bhí cur i láthair ag an Institiúid Mara SmartBay ar theicneolaíocht ROV faoi uisce, reáchtáil The Sea Collective gníomhaíochtaí feasachta aigéin, threoir an t-ealaíontóir áitiúil Elizabeth Moylan seisiún ealaíne mara, agus dúnadh an lá le Dioscó Gaeilge, ag ceiliúradh na Gaeilge agus an phobail in aice na farraige.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtuigeann ár ndaoine óga na deiseanna iontacha a bhaineann leis an bhfarraige. Tá beagnach 90% den Ghaeltacht suite cois fharraige agus tá dul chun cinn ollmhór ar na poist ag eascairt as earnáil na bhfarraige, bíodh sin uisceshaothrú agus iascaireacht nó teicneolaíocht mara, róbataic agus eolaíocht mara. Taispeánann ócáidí cosúil le Lá Mara na Scoileanna go bhfuil na poist seo díreach in aice láimhe dóibh, rud thar a bheith tábhachtach don aos óg ag fás aníos sa Ghaeltacht.”

Dúirt Máire Ní Éinniú, Ceannasaí Nua Mara:

“Tá cónaí ar na daltaí scoile seo taobh le ceann de na cóstaí is áille san Eoraip. Baineann tábhacht faoi leith le hócáidí cosúil leis seo mar go dtugann sé deis caidreamh a chruthú leis an bhfarraige, caidreamh a bheidh mar chosaint uirthi amach anseo. Is cúis bhróid dúinn é seo a dhéanamh mar chuid de FásFeam agus OLAMUR, taobh le hÓir na Farraige agus ár bpáirtnéirí ar fad.”

Dúirt Gareth Murphy, Príomhfheidhmeannach Óir na Farraige:

“Ní féidir ról lárnach bainte feamainne i dtodhchaí ár n-aigéan a shéanadh, ach braitheann an todhchaí sin go mór ar na daoine áitiúla ag maireachtáil agus ag obair sna ceantair seo agus an tuiscint atá acu sa méid atá á dhéanamh againn. Thug Lá Mara na Scoileanna sin chun cinn, le 133 páistí áitiúla ag fáil taithí ar an domhan mara mórthimpeall orthu ar bhonn phraiticiúil. Tá luach ollmhór ag baint leis an taithí agus an caidreamh seo, agus sin go díreach an cuspóir atá ag FásFeam agus OLAMUR."

Déantar ceiliúradh ar Lá Domhanda na nAigéan gach bliain ar dáta an lae inniu, an 8 Meitheamh, chun comóradh a dhéanamh ar ról lárnach na farraige inár saol agus inár domhain, go háirithe do cheantair cois fharraige cosúil le Cill Chiaráin agus Carna.