Tá fáilte roimh chách ar Dé Sathairn, 6 Meitheamh

Tá cuireadh á dtabhairt ag Comhar Caomhán Teoranta, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Soilse na hÉireann, don phobal freastal ar Lá Oscailte Pobail ag an teach solais ar Dé Sathairn, 6 Meitheamh. Níos déanaí sa lá, tabharfar deis don phobal a gcuid tuairimí agus smaointí faoin dteach solais a chur in iúl i gcruinniú poiblí in Áras Éanna.
Beidh an lá oscailte ag tógáil ar an treoirleabhar, Ó Fhís go Feidhmiú, a fhoilsíodh go hoifigiúil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i Mí Dheireadh Fómhair 2025. Is treoir phraiticiúil í Ó Fhís go Feidhmiú maidir le forbairt tithe solais faoi stiúir an phobail.
Dúirt Meadbh Seoighe, Bainisteoir Turasóireacht Údarás na Gaeltachta: 'Is deis iontach í seo do phobal Inis Oírr a smaointí a chur in iúl agus na féidearthachtaí atá ann dá dteach solais fhéin a fheiceáil. Beidh seans ag muintir na háite suim a léiriú le bheith páirteach san obair. Teastaíonn comhoibriú agus tosaíocht ón bpobal chun an togra seo a fhorbairt'.
Tá Údarás na Gaeltachta agus Soilse na hÉireann ag obair i gcomhpháirt le chéile chun láithreáin nua do thithe solais a fhorbairt sa réigiún Gaeltachta.
Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo an méid seo a leanas a dhéanamh:
• Turasóireacht inbhuanaithe a chur chun cinn
• Oidhreacht mhuirí na hÉireann a thaispeáint.
• Tacú le fiontair turasóireachta tuaithe faoi stiúir an phobail
• An tábhacht chultúrtha agus stairiúil a bhaineann le tithe solais a chaomhnú agus a cheiliúradh.
• Fás eacnamaíoch áitiúil a spreagadh
Trí oidhreacht a nascadh le fáilteachas, leis an gcomhshaol agus le fiontraíocht, is féidir le tithe solais is díol spéise a bheith ina n-ancairí ó thús deireadh na bliana d’fhorbairt réigiúnach. Ní hamháin gur áiteanna iad chun cuairt a thabhairt orthu, is áiteanna iad chun turais a thosú, bualadh le pobail, agus smaointe a spreagadh.
Clár an lae:
10:30rn - 2:00in / Cuairt ar an Teach Solas
Beidh doirse an túir oscailte don phobal. Beidh deis siúl thart ar an láthair, agus dul go barr an túir le radharc iontach a fháil ar an oileán agus ar an bhfarraige.
2:30in - 4:00in / Plé oscailte faoi thodhchaí an Teach Solas i Áras Éanna
Tar éis na cuairte, tabharfar cuireadh do gach duine teacht le chéile chun smaointe a roinnt agus deiseanna a fhiosrú don todhchaí.
Tuilleadh eolais ar fáil ag info@discoverinisoirr.com