Ceapacháin Nua ag Údarás na Gaeltachta: Ruairí Ó hAilín agus Sadhbh Ní Ógáin

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta fógairt go bhfuil dhá cheapachán nua déanta ag an eagraíocht.

27 Bealtaine, 2026

nóiméad léite

Sadhbh Ní Ógáin, Bainisteoir Gnóthaí Straitéiseacha agus Ruairí Ó hAilín, Ceannaire ar Fhostaíocht agus Nuálaíocht

Ruairí Ó hAilín - Ceannaire ar Fhostaíocht agus Nuálaíocht 

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil Ruairí Ó hAilín ceaptha mar Cheannasaí Fiontraíochta & Nuálaíochta na heagraíochta.

Tá Ruairí ag teacht linn ó Fhiontraíocht Éireann, áit a bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann a bhí ag obair le cliaint-chomhlachtaí lena gcuid oibríochtaí a fheabhsú - le béim ar theicneolaíocht dhigiteach in éineacht le nuálaíocht próisis agus oiliúint foirne. Roimhe sin bhí sé ag obair ar chúrsaí thaighde agus forbartha le comhlachtaí san earnáil teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide.  

Roimhe sin chaith sé dhá bhliain déag mar innealtóir ag obair le comhlachtaí idirnáisiúnta thart ar Mheiriceá agus an Eoraip.

Bhronn Fiontraíocht Éireann Gradam Nuálaíochta air i 2023, 2024 agus arís i 2025. 

Tá tiomantas pearsanta láidir ag Ruairí don Ghaeilge agus don Ghaeltacht freisin. Ba chathaoirleach é ar Bhord Bainistíochta Ghaelscoil na Lochanna ar feadh ocht mbliana. 

Dúirt Ruairí Ó hAilín Ceannaire ar Fhostaíocht agus Nuálaíocht Údarás na Gaeltachta: 

“Tá mé at tnúth go mór leis an dúshlán seo, mo thaithí ar bonn náisiúnta le Fiontraíocht Éireann a úsáid chun cur le forbairt eacnamaíochta agus le rathúlacht na Gaeilge agus na Gaeltachta” 

Sadhbh Ní Ógáin - Bainisteoir Gnóthaí Straitéiseacha 

Ceapadh Sadhbh Ní Ógáin, mar Bhainisteoir Gnóthaí Straitéiseacha. Tá MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais ó DCU aici, agus tá taithí fhairsing bainte amach aici thar na blianta i bpleanáil straitéiseach, i rialachas corparáideach, i bhforbairt eagraíochtúil agus i rannpháirtíocht geallsealbhóirí. 

Chaith sí breis agus 13 bliana ag obair le Foras na Gaeilge, áit ar threoraigh sí próisis mhóra straitéise, lena n-áirítear Treo Straitéiseach 2020–2025 agus Plean Corparáideach 2023–2025.

Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sí mar chomhairleoir neamhspleách le heagraíochtaí san earnáil Ghaeilge, san earnáil phoiblí agus le grúpaí pobail ar thionscadail straitéise, rialachais agus forbartha gnó.

Bhí ról aici freisin mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Uíbh Fhailí.
Is as Contae Chill Mhantáin di ó dhúchas, iníon le Dáithí Ó hÓgáin, ollamh sa Bhéaloideas agus scríbhneoir aitheanta (a d'éag i 2011)

Dúirt Sadhbh Ní Ógáin, Bainisteoir Gnóthaí Straitéiseacha: 

"Táim ag súil go mór leis an ról seo. Le mo chuid taithí i bpleanáil straitéiseach agus i rialachas, tá mé tiomanta do thacú le misean an Údaráis ar son phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge."

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: 

"Tá muid an-sásta fáiltiú roimh Ruairí agus Sadhbh chuig foireann an Údaráis. Tá saineolas eisceachtúil ag an mbeirt acu ina réimsí féin, Ruairí i bhforbairt fiontraíochta agus nuálaíochta, agus Sadbh i bpleanáil straitéiseach agus i rialachas. Cuirfidh an dá cheapachán seo go mór lenár gcumas ár misean a chur i gcrích ar son phobail na Gaeltachta."