Nochtann Suirbhé Nua Éileamh Mór ar Thithíocht sa Ghaeltacht

Glúin Óg ag Iarraidh Fréamhacha a Chur síos sa Ghaeltacht

19 Bealtaine, 2026

nóiméad léite

D'fhoilsigh Údarás na Gaeltachta inniu torthaí suirbhé tithíochta a léiríonn éileamh ollmhór ar thithíocht inacmhainne ar fud na Gaeltachtaí. Glac 351 duine páirt sa suirbhé rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann leis an gceist seo do mhuintir na Gaeltachta.

Léiríonn na torthaí go bhfuil an t-éileamh ar thithíocht dírithe go mór ar ghlúin óg, agus bhí 33% de na freagróirí idir 25–34 bliana d'aois, agus 23% idir 35–44, rud a chiallaíonn go raibh cuid mhaith de na rannpháirtithe faoi bhun 44 bliana d'aois (56%).

Tá nasc láidir Gaeltachta ag formhór na bhfreagróirí, tógadh 57% sa Ghaeltacht agus tá cónaí orthu ann fós, agus 83% d'fhreagróirí ag rá go bhfuil Gaeilge líofa nó ó dhúchas acu.

Ó thaobh oideachais, tá leibhéal ard oideachais le feiceáil 49% le céim iarchéime agus 28% le céim bhaitsiléara agus 82% ag obair go lánaimseartha. (5% ag staidéar go lánaimseartha)

Is léir ón suirbhé go bhfuil gá le tithíocht. Tá 26% de na freagróirí fós ina gcónaí lena muintir agus 29% i teach ar cíos, rud a léiríonn go bhfuil líon mór daoine fásta nach bhfuil in ann teach a cheannach ná a fháil ar cíos go neamhspleách. Ó na daoine atá ag lorg tithíochta faoi láthair:

  • 15% ag cuardach ach gan teach ar cíos le fáil
  • 17% ag lorg ach gan teach le díol le fáil
  • 27% ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht
  • 14% ag iarraidh teach a cheannach

Nuair a chuirtear daoine nach bhfuil ag cuardach teach as an áireamh:

  • 30% ag cuardach ach gan teach ar cíos le fáil
  • 32% ag lorg ach gan teach le díol le fáil
  • 44% ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht
  • 32% ag iarraidh teach a cheannach

Tá sé soiléir ón suirbhé gur tithe aonair atá á lorg ag muintir na Gaeltachta. Léiríonn na torthaí go bhfuil rogha láidir ag freagróirí do thithe in aice le sráidbhailte nó i gceantair tuaithe, agus níl mórán spéise á léiriú in árasáin ná i bhforbairtí arda-dlúis. Tá toradh suntasach ann freisin maidir le taisteal, tá 67% de na freagróirí sásta tiomáint suas le huair an chloig ón obair go dtí a dteach, rud a léiríonn go bhfuil daoine sásta taisteal a dhéanamh chun cónaí sa Ghaeltacht, fad is go bhfuil an tithíocht ar fáil. Aontaíonn freagróirí go láidir le roinnt moltaí chun dul i ngleic leis an ngéarchéim:

  • Maoiniú méadaithe le haghaidh athchóiriú ar thithe folmha agus tréigthe
  • Go bhfuil sé ríthábhachtach eolas a roinnt le daoine chun úinéirí tithe folmha a spreagadh iad a úsáid.
  • Go gcreideann an pobal go bhfuil gá méadú ar líon scileanna agus saothair don earnáil tógála.

Ag trácht ar na torthaí, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

"Is léiriú iad na figiúirí seo ar éileamh phobail na Gaeltachta agus na Gaeilge ar thithíocht do dhaoine le Gaeilge. Tá daoine óga, oilte, le Gaeilge acu, ag iarraidh maireachtáil agus obair sa Ghaeltacht, ach níl aon tithíocht ann dóibh. Tá siad sásta taisteal, tá siad sásta cur fúthu agus clann a thógáil agus beidh torthaí iomlán an tsuirbhé á roinnt ag an Údarás leis na Comhairlí Condae, rannaí stáit, srl. chun na deiseanna seo a éascú."