Léiríonn imeacht OL an tábhacht a bhaineann leis an gcóitseáil teanga chun freastal ar an éileamh ar ‘uas-sciliú tapaidh’

14 Bealtaine, 2026

nóiméad léite

Tá pobal cleachtais nua do chóitseálaithe teanga a bhíonn ag tacú le foghlaim agus le húsáid teangacha, agus leis an nGaeilge ach go háirithe, bunaithe ag saineolaithe Ollscoil Luimnigh (OL). Is spéis leo iniúchadh a dhéanamh ar conas an cur chuige tacaíochta seo a úsáid chun teangacha a chur chun cinn san ionad oibre, san earnáil oideachais agus i suíomhanna pobail.

Léiríonn tacaíocht leanúnach Údarás na Gaeltachta ó 2024 don chóitseáil chomh maith lena gcuid maoinithe do 11 rannpháirtí i gcúrsa 2026, an spéis láidir atá ann an cleachtas seo a bhunú i suíomhanna pobail agus gnó araon. Ag labhairt di mar gheall ar an teacht le chéile don phobal cleachtais, dúirt Siubhán Nic Grianna, Ceannasaí Pleanála Teanga "Mar eagraíocht arb é a príomhchuspóir a chinntiú go maireann an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht, tá lúcháir orainn a bheith in ann tacú le rannpháirtithe Gaeltachta a gcuid scileanna i dteoiricí agus i gcleachtas an chóitseála teanga a fhorbairt, go háirithe iad siúd atá ag obair sa Ghaeltacht."

Tháinig grúpa sainspéise - ina bhfuil baill foirne acadúla OL, an Dr Deirdre Ní Loingsigh agus an Dr Catherine Martin, rannpháirtithe ó thrí ghrúpa den chúrsa mhicridhintiúr Cóitseála Teanga OL ón mbliain 2024 i leith, chomh maith le príomhpháirtithe leasmhara Gaeilge - le chéile do chruinniú tionscnaimh ag ócáid ar leith ar champas OL. Bhí sé mar aidhm ag an imeacht plé a dhéanamh ar fhéidearthachtaí na cóitseála teanga, ar na tacaíochtaí atá riachtanach chun an cleachtas a chothú agus a leabú go héifeachtach sa phobal nó sa chomhthéacs eagraíochtúil, agus ar na meicníochtaí lenar féidir tionchar na cóitseála a thomhais.

Tá tábhacht ar leith leis an bpobal cleachtais seo i bhfianaise na tagartha don chóitseáil teanga i bPlean Gníomhaíochta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026-2028, a foilsíodh le déanaí. De réir Téama 4 den Phlean, beidh ball foirne amháin ar a laghad ag obair mar ‘chóitseálaí teanga’ i gcomhlacht poiblí agus cuirfear oiliúint don ról ar fáil trí chúrsa creidiúnaithe a sholáthar.

Is í Ollscoil Luimnigh an t-aon institiúid tríú leibhéal in Éirinn a chuireann cúrsa sa Chóitseáil Teanga ar fáil faoi láthair. Léiríonn rannpháirtíocht fhoghlaimeoirí gairmiúla ó áiteanna mar Cheanada, an Bhreatain Bheag, an Iodáil agus an Bheilg chomh maith le hÉirinn, go bhfuil spéis idirnáisiúnta sa tionscnamh seo.

Dúirt an Dr Deirdre Ní Loingsigh, Stiúrthóir na Gaeilge agus Ollamh Comhlach, Scoil na Gaeilge, an Bhéarla agus na Cumarsáide in Ollscoil Luimnigh gur cheann de phríomhthorthaí na hócáide ná rannpháirtithe ó thrí rang éagsúla den chúrsa micridhintiúr, agus ó réimse leathan suíomhanna gairmiúla agus pobail, a thabhairt le chéile chun an tslí a bhfuil a gcuid eolais agus scileanna cóitseála á gcur i bhfeidhm agus á dtreisiú acu, a phlé agus a roinnt.

“Cé go bhfuil go leor de na rannpháirtithe imeachta ag obair chun tacú le foghlaim agus le húsáid na Gaeilge, bhí samplaí againn de thacaíochtaí don Bhéarla mar dhara teanga nó mar theanga bhreise (ESOL) san Iodáil, don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, don Fhraincis i gCeanada, chomh maith le tacaíochtaí don Ghaeilge sa phobal, san earnáil phoiblí agus i suíomhanna ardoideachais, in Éirinn,” a dúirt an Dr Ní Loingsigh.

Cuireadh deis rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara seachtracha ar fáil ar an lá chomh maith. Chuir ionchur agus moltaí ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta go mór leis an bplé ar acmhainneacht na cóitseála teanga, ar na tacaíochtaí atá ag teastáil, agus ar an tionchar intomhaiste a d’fhéadfadh a bheith aici amach anseo in Éirinn.

Aithnítear an tacaíocht airgeadais ó An tÚdarás um Ard-Oideachas a cuireadh ar fáil trí Fhóirdheontas na dTáillí MicriDhintiúr d'Foghlaimeoirí, HCI (UL@Work), Staidéar Iarchéime & Gairmiúil, agus tríd an Scéim Soláthar Speisialta don Ghaeilge 2025 don imeacht seo chomh maith.

Ag tagairt di don ócáid, dúirt Dr. Sarah Brady, Ceannaire Tionscadail MicroCreds, OL an méid seo a leanas: “Léiríonn micridhintiúir cur chuige Ollscoil Luimnigh chun uas-sciliú agus athoiliúint tapaidh a chumasú, trí oideachas spriocdhírithe, creidiúnaithe atá inrochtana, solúbtha agus ailínithe leis na hathruithe reatha sa lucht saothair”

Toradh suntasach ar an imeacht seo a bhí ar siúl le linn Sheachtain an Taighde ar an gcampas, is ea an chomhpháirtíocht idirnáisiúnta taighde agus cleachtais leis An Lárionad Barr Feabhais um Theangacha Oifigiúla i Rialtas Cheanada trí rannpháirtíocht Louise Varagnolo mar áisitheoir aoicheardlann.

Mhínigh an Dr Ní Loingsigh: “Tá go leor cosúlachtaí idir comhthéacsanna na dteangacha oifigiúla in Éirinn agus i gCeanada, agus is mór an spéis atá ann sa tslí gur féidir an chóitseáil teanga a chur i bhfeidhm mar shraith nua tacaíochta teanga, nó mar idirghabháil nua, sa suíomh eagraíochtúil nó institiúideach.”

Tar éis dóibh Meitheal Machnaimh iar-imeachta a eagrú, tá baill foirne acadúla na hOllscoile, ceannairí an Phobail Chleachtais ag tnúth lena thuilleadh plé a dhéanamh le páirtithe leasmhara na Gaeilge, le haird bhreise a tharraingt ar fhéidearthachtaí na cóitseála teanga chun tacú le ESOL in Éirinn, agus le naisc a fhorbairt leis an Lárionad Taighde Chur chun Feidhme in Ollscoil Luimnigh (CIRcUL).