Bhí an Comórtas d’fhiontraithe óga sa Ghaeltacht ar siúl thar dhá lá in Ollscoil na Gaillimhe agus Óstán Chois Fharraige

Bhailigh scoiláirí Gaeltachta ó fud fad na tíre le chéile le haghaidh Clár na gComhlachtaí 2026, comórtas d’fhiontraithe óga a reáchtáiltear go bliantúil mar chomhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus le Gnóthachtáil na Sóisear, Éire (Junior Achievement Ireland/ JAI).
Cuireadh fáilte roimh na fiontraithe óga go hOllscoil na Gaillimhe Dé Máirt seo caite mar chuid de Chlár na gComhlachtaí 2026. Le linn na cuairte d’fhoghlaim na mic léinn idirbhliana faoi na cláir fochéime atá á dtairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus fuair siad blaiseadh luachmhar den saol laethúil trí Ghaeilge san Ollscoil le linn turais ar an gcampas. Labhair Fáinse Ní Shíoda leis na scoláirí faoin clár fiontraíochta IdeasLab atá á reáchtáil ag an Ollscoil agus ag deireadh an chéad lá tugadh deis dóibh cuairt a thabhairt ar seit Ros na Rún.
Ar an gCéadaoin, bhailigh siad le chéile in Óstán Cois Fharraige chun a seastán a chur ós chomhair na moltóirí. Bhí Páid Ó Neachtain ón Rannóg Fiontraíocht agus Fostaíocht in Údarás na Gaeltachta mar fhear an tí ar an lá. Bhí Loretta Ní Ghabháin ó Lorg Media agus Máirtín Óg Mac Donnacha, Mind Over Mountains, i láthair chomh maith mar aoi chainteoirí.
I measc na scoileanna Gaeltachta eile ar éirigh leo an Chraobh Náisiúnta a bhaint amach bhí grúpaí ó Scoil Pobail Mhic Dara, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Pobalscoil na Rosan agus Coláiste Chroí Mhuire agus Scoil Phobail Gaoth Dobhair.
Chuaigh Noreen Breathnach, Feidhmeannach Forbartha Fiontraíochta in Údarás na Gaeltachta agus John Breslin ó Ollscoil na Gaillimhe I mbun na moltóireachta. Fad agus a bhí moltóireacht ar siúl, bhí deis acu siúd i láthair cuairt a thabhairt ar sheastáin na mic léinn.
Tar éis na moltóireachta, dúirt Noreen Breathnach go raibh an caighdeán ‘an-ard ar fad’:
“Rinne na scoileanna agus scoláirí ar fad an-jab. Chonaic muid go raibh na táirgí ar chaighdeán a bhí réitigh le díol, ní hamháin do mhargadh áitiúil ach do mhargadh náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bhí an deacair an cinneadh a dhéanamh cé a bhí an buaiteoir.”
Tháinig scoil Pobail Mhic Dara, Carna, sa dara háit den chomórtas le Eco Spa, a chruthaigh roinnt táirgí féinchúraim nádúrtha le folctha feamainne agus barra eibhlithe céir bheach simplí. Bronnadh duais aitheantais na moltóirí ar an gcomhlacht ‘Beo go Deo’ as Pobalscoil Chorca Dhuibhne, a chruthaigh lastóirí tine neamhdhíobhálach.
Ar deireadh, d’éirigh le Scoil Phobail Gaoth Dobhair an mhór duais a bhuachaint don dara bhliain as a chéile. Beidh Bronnagh Carrothers, Lucas Mac Daibheid, Brianna na Fuaruise ag taisteal go Rigé, Laitivia le haghaidh Craobh na hEorpa i Mí Iúil. Dhear na fiontraithe óga teidí céadfach, Cuan, do pháistí le riachtanais speisialta. Is féidir gach teidí a chur in oiriúint do nithe speisialta an pháiste agus tá na fiontraithe óga ag súil go mór leis an turas go Ríge. Go n-éirí go geal leo!
Tuilleadh grianghraif ón ócáid ar fáil anseo