Scileanna, Saineolas agus Spiorad Fiontraíochta: Údarás na Gaeltachta ag Tabhairt Deis Nua do Dhaoine Ós Cionn 50

28 Aibreán, 2026

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt deis nua do dhaoine os cionn 50 bliain d’aois agus iad ag smaoineamh faoi gnó a thosú.

Tá sé mar aidhm ag an togra CHANCE, cómhaoinithe ag an AE tríd an gclár Erasmus+, cur le scileanna atá ag daoine os cionn 50 bliana d’aois, chun tacú leo a ngnó féin a bhunú. Tá sé eagraíocht ó chúig thír Eorpacha bainteach leis an togra seo (An Chróit, An Phoblacht Checa, An Fhionlainn, Éire, An tSlóvaic) le saineolas i bhforbairt ghnó, oideachas, agus oibriú leis an daonra 50+.  Tá Údarás na Gaeltachta os cionn an togra seo in Éirinn, ag obair le Comenius University Bratislava (SK), Regional Innovation and Development Agency (SK), Newton University (CZ), Savonia University of Applied Sciences (FI), agus Algebra Bernays University (HR).

Is í príomh sprioc an togra seo ná MOOC (Massive Open Online Course) a fhorbairt, a fhreastalóidh ar riachtanais fiontraithe os cionn 50, ag cur eolas praiticiúil ar fáil dóibh, cosúil le pleanáil ghnó, bainistíocht airgeadais, margaíocht agus uirlisí digiteacha. Tá an cúrsa, a reáchtálfar ar bhonn phíolótach go luath, á fhorbairt bunaithe ar thaighde agus ar shuirbhé a rinneadh i measc freagróirí atá 50 bliain d’aois nó níos sine, ag aithint a gcuid mianta, dúshlán, agus riachtanas foghlama.

Bailíodh breis agus 600 freagraí ón suirbhé i 2025, ó cúig thír pháirtíochta éagsúla. Léiríonn na torthaí go bhfuil suim ag go leor daoine os cionn 50 san fhiontraíocht, agus ní hamháin sin, ach i mbealaí chun na blianta taithí ghairmiúla atá acu a thiontú ina ndeiseanna nua gnó.

“Is ionann daoine os cionn 50 agus stór ollmhór eolais, scileanna agus líonraí gairmiúla,” a dúirt Ultan Ó Fátharta, Comhordaitheoir Tionscadail don togra CHANCE ag Údarás na Gaeltachta. “Léiríonn an suirbhé go bhfuil neart gairmithe, a bhfuil an-taithí acu, thar a bheith spreagtha chun gnólachtaí a thosú agus a gcuid saineolas a roinnt.”

Deimhníonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil daoine os cionn 50 bliain d’aois spreagtha i dtreo fiontraíocht mar gheall ar an neamhspleáchas agus solúbthacht a bhaineann leis an ngairm beatha sin. Bíonn tionchar ag cúrsaí airgeadais freisin, go háirithe i gcásanna ina bhfuil daoine ag iarradh ioncam breise nó ag fiosrú roghanna eile d’fhostaíocht níos déanaí sa saol.

I bhformhór de na tíortha páirtithe, tá céimeanna ollscoile ag cuid suntasach de na freagróirí, le neart dóibh sin ag leibhéal máistreachta. Ní haon ionadh é go mbeadh a gcuid gnólachtaí bunaithe ar eolas agus taithí, agus go bhfuil sé mar aidhm acu comhairliúchán agus oiliúint a sholáthar, chomh maith le seirbhísí digiteacha, seirbhísí áitiúla, miondíol agus díolacháin ar líne, gnólachtaí cruthaitheacha nó bunaithe ar cheardaíocht.

In ainneoin an suime láidir, tá roinnt constaicí suntasacha a bhíonn roimh dhaoine 50+ bliain d'aois nuair atá siad ag tosú gnó agus is é an maorlathas agus na gnásanna riaracháin chasta is coitianta a mhothaítear. Tá sé suimiúil, go bhfuil eagla ar 36% de na freagróirí in Éirinn go bhféadfadh teip orthu, céatadán atá ar cheann de na rátaí is airde i measc na tíortha páirtithe. Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann leis an tacaíocht agus meantóireacht a chuireann Údarás na Gaeltachta ar fáil mar chuid den togra.

Cuireann torthaí an tsuirbhé in iúl go bhfuil traenáil breise ag teastáil sna tíortha páirtithe ar fad, i margaíocht agus for-rochtain chustaiméara, pleanáil ghnó agus forbairt straitéiseach, cánachas agus gnéithe dlíthiúla d’fhiontraíocht, bainistíocht airgeadais agus deiseanna maoinithe. Is fearr le an-chuid freagróirí an tsuirbhé deiseanna foghlama inrochtana a thugann solúbthacht dóibh, go háirithe cúrsaí ar líne bunaithe ar fhíseán, a ligeann do rannpháirtithe foghlaim ag a luas féin. Léiríonn sé seo an luach atá ag formáidí foghlama idirghníomhacha, plé grúpa agus meantóireacht duine le duine.

Cuirfidh an MOOC treorú struchtúrach agus uirlisí praiticiúla ar fáil chun cabhrú le daoine os cionn 50+ a gcuid scileanna fiontraíochta a fhorbairt agus deiseanna gairme nua a iniúchadh.

Freastalaíonn an togra CHANCE ar thosaíochtaí níos leithne na hEorpa a bhaineann le foghlaim fad saoil agus le hathbhunú sa mhargadh oibre, leis an aidhm múnla Eorpach a cruthú d’oideachas fiontraíochta dírithe ar riachtanais an daonra atá os cionn 50 bliain d’aois.

Tá Údarás na Gaeltachta, comhordaitheoirí Éireannacha an togra, ag lorg rannpháirtithe áitiúla chun páirt a ghlacadh sa MOOC píolótach. Moltar an cúrsa seo do dhaoine fásta os cionn 50 bliain d’aois atá suim acu a ngnó féin a bhunú.

Má theastaíonn tuilleadh eolas uait, nó más mian leat clárú don chúrsa, is féidir leat suíomh gréasáin an tionscadail a fháil ag an nasc seo.