Spriocdháta d’iontrálacha do Ghradaim na Gaeltachta 2026 fógartha

20 Aibreán, 2026

nóiméad léite

An Chéad Ghlúin Eile ag seinm ag Gradaim na Gaeltachta 2025 in Óstán Chois Fharraige

Gradaim na Gaeltachta 2026

Glaoch oscailte ar Iarratais do Ghradaim na Gaeltachta 2026

Tá spriocdháta d’iontrálacha do Ghradaim na Gaeltachta 2026 fógartha ag Údarás na Gaeltachta agus oscailte  anois d’eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha Gaeltachta ar fud na tíre.

Bunaíodh Gradaim na Gaeltachta trí bhliain ó shin mar chomórtas náisiúnta chun aitheantas a thabhairt den obair iontach atá ar bun ag eagraíochtaí pobail agus coistí deonacha Gaeltachta ar fud na tíre.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúin, Pobail agus Teanga Údarás na Gaeltachta:

“Anois agus an tÚdarás ag reachtáil na nGradam don ceathrú bliain as a chéile, tá muid ag feiceáil go bhfuil aitheantas dhá fháil ag eagrais forbartha pobail ar fud na Gaeltachta don obair rí-thábhachtach atá á dhéanamh acu. Cuireann obair na n-eagrais seo go suntasach lenár gcuid pobail Ghaeltachta, agus leis an gcaighdeán maireachtála ina gceantair feidhme.”

I mbliana, anois don dara uair, bronnfar gradam speisialta - Gradam Phádraig Uí hAoláin. Ainmníodh an gradam i gcuimhne ar iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, fear a bhí ceannródaíoch ina chur chuige agus tiomántas don earnáil forbartha pobail. Tabharfaidh an gradam seo, lena n-áirítear trófaí buan, aitheantas ar leith don choiste nó don eagraíocht dheonach a léiríonn sárobair ina bpobal.

Anuraidh, bronnadh Gradam Phádraig Uí hAoláin, agus gradam réigiúin an Tuaiscirt, ar Choiste Forbartha Éadan Fhionn Fraoich, coiste a bunaíodh in 2020 chun an Ghaeilge, imeachtaí sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn sa cheantar. Tá togra trasteorainn bunaithe acu le ceantar Ballinscreen i gContae Dhoire agus caoi bhreá curtha ar Halla Éadan Fhionn Fraoich mar lárionad teacht le chéile don phobal.

Ar son mhuintir Uí hAoláin, dúirt Fionnuala Ní Aoláin, iníon Phádraig:

"Is mór an onóir dár gclann go mbeidh gradam i gcuimhne ar m'athair á bhronnadh arís i mbliana. Chaith sé a shaol ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus bhí grá mór aige don obair dheonach a rinne daoine ina bpobail féin. Tá sé thar a bheith oiriúnach go mbeidh a chuimhne á cheiliúradh trí aitheantas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl ag coistí deonacha ar fud na Gaeltachta."

Catagóirí an Chomórtais

Tá réimse leathan catagóirí sa gcomórtas, lena n-áirítear:

  • Gradam Phádraig Uí Aoláin
  • Togra Turasóireachta
  • Togra Óige
  • Togra Gaeltacht Ghlas
  • Togra Seirbhísí Sóisialta
  • Togra Cultúir, Ealaíne agus Oidhreachta
  • Togra Fiontair Shóisialta

I gcatagóir na gcoistí pobail agus deonacha, bronnfar an cheád áit agus an dara háit go réigiúnach - san Iarthar, Tuaisceart agus sa Deisceart.

Spreagtar gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht le hiarratas a chur isteach, beag beann ar mhéid nó ar réimse oibre roimh spriocdháta an  29 Meitheamh 2026.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Táimid thar a bheith sásta Gradaim na Gaeltachta a fhógairt arís i mbliana. Beidh Gradam Phádraig Uí Aoláin á bhronnadh againn arís i mbliana agus is léiriú suntasach é ar ár dtiomantas leanúnach don phobal agus don obair dheonach atá mar chroílár shaol na Gaeltachta. Tá súil againn celiúradh a dhéanamh ar na coistí agus eagraíochtaí go léir a chuireann isteach ar na gradaim i mbliana agus aitheanas a thabhairt ar a gcuid oibre luachmhaire”

Conas Iarratas a dhéanamh

Tá Foirm Iontrála ar fáil ag: https://udaras.ie/pobal/gradaim-na-gaeltachta/

Ní ghlacfar le hiarratais ach tríd an bhfoirm iarratais ar líne seo.

Moltar do gach eagraíocht agus coiste deonach sa Ghaeltacht smaoineamh ar iarratas a chur isteach agus a gcuid oibre luachmhaire a chur os comhair an phobail.

 

Grianghraf: An Chéad Ghlúin Eile ag seinm ag Gradaim na Gaeltachta 2025 in Óstán Chois Fharraige