Údarás na Gaeltachta ag tabhairt an Retrofit Rig go dtí An Cheathrú Rua mar chuid de Sheachtain Glas na Gaeltachta

Tá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt an gheilleagair ghlais go díreach chuig croílár phobal Chonamara.

16 Aibreán, 2026

nóiméad léite

Tá Údarás na Gaeltachta ag tabhairt an gheilleagair ghlais go díreach chuig croílár phobal Chonamara. Mar chuid den chéad ‘Sheachtain Glas na Gaeltachta’ beidh an Retrofit Rig, aonad traenála soghluaiste NZEB (Nearly Zero Energy Buildings), ar an gCeathrú Rua ón 27ú Aibreán go dtí an 1ú Bealtaine 2026. Ar feadh cúig lá, beidh raon leathan imeachtaí saor in aisce ar fáil don phobal i gcoitinne; ó chlinicí fuinnimh do chomhlachtaí agus d’úinéirí tí, go cláir speisialta do dhaltaí meánscoile, cúrsa saor in aisce NZEB agus seisiúin eolais faoi dheontais agus deiseanna fostaíochta nua san earnáil ghlas.

Is cuid lárnach é seo den obair atá ar bun ar Zón Décharbónú na nOileán Árainn agus faoi chlár níos leithne Chomhairle Contae na Gaillimhe maidir le dícharbónú. I dteannta leis seo, tá Comharchumann Fuinnimh Oileáin Árann (CFOAT) agus Gníomhaireacht Fuinnimh an Iarthair (GFI) ag tabhairt faoi clár oibre leathan chun spriocanna an zóin a bhaint amach agus ag obair i gcomhpháirtíocht le geallshealbhóirí eile sa zón.

Faoin Retrofit Rig agus an Cúrsa NZEB

Is aonad traenála soghluaiste é an Retrofit Rig ó Mount Lucas a chuireann traenáil ar uasghrádaithe fuinnimh agus ar theicníochta athchóirithe ar fáil ar fud na hÉireann. Is cúrsa aon lae é Cúrsa Feasachta NZEB, creidiúnaithe ag City & Guilds, a phléann na bealaí is fearr chun foirgnimh ardchaighdeáin fuinnimh a bhaint amach. Tá an traenáil saor in aisce agus ní gá aon taithí roimh ré. Tá sé oiriúnach do réimse leathan daoine, lena n-áirítear iad siúd a oibríonn sa tionscal tógála, conraitheoirí, agus duine ar bith a bhfuil spéis acu in NZEB, iarfheistiú agus uasghráduithe fuinnimh.

Dúirt Marion Ní Chadhain, Bainisteoir Inbhuanaitheachta agus Cláir Straitéiseacha Údarás na Gaeltachta:

" Tá go leor deiseanna san earnáil seo maidir le hoideachas, nuálaíocht, fostaíocht agus comhpháirtíocht agus cuireann muid fáilte roimh na comhráití a bhéas againn i rith na seachtaine luachmhaire seo. Is deis iontach é seo do phobal Chonamara dul i dteagmháil le saineolaithe san earnáil glas agus eolas praiticiúil a fháil faoi iarfheistiú, deontais fuinnimh, agus deiseanna fostaíochta nua. Léiríonn an tionscnamh seo tiomantas Údarás na Gaeltachta ceannródaíocht a dhéanamh sa gheilleagar glas agus todhchaí inbhuanaithe a chruthú do phobail Ghaeltachta.”

Seolfar an Rig go hoifigiúil ar ar an Luain 27ú Aibreán le neart imeachtaí do gach aoisghrúpa le bheith ar siúl le linn na seachtaine. Beidh an Rig lonnaithe ar an gCeathrú Rua ar feadh na seachtaine agus beidh seomra poiblí ar fáil sa Chrompán le breis imeachtaí agus deiseanna plé, caint agus comhrá.

Beidh seastán ag GRETB, an Chomhar Creidmheasa agus roinnt eile le linn na seachtaine. I measc na n-imeachtaí beidh:

  • Clinicí Fuinnimh do Chomhlachtaí (SEAI) – NB ní mór áit a chur in áirithe
  • Clinicí Fuinnimh do Úinéirí Tithe (SEAI/ GFI)
  • Cúrsa Feasachta NZEB do Chonraitheoirí:
    •  Déardaoin 09:00-15:00 Cúrsa saor in aisce, creidiúnaithe ag City & Guilds agus gan gá le taithí roimh ré. Más spéis leat tabhairt faoin gcúrsa feasachta, is féidir spéis a léiriú - cláraigh anseo
  • Seisiúin Plé d’eagrais forbartha pobail ar deiseanna fuinnimh
  • Clár NZEB do dhaltaí meánscoile
  • Séisiúin Eolais ar an nGeilleagar Ciorclach
    • Dé Céadaoin 14:00-17:00
  • Seisiúin Eolais le Colm MacEachmharcaigh, Chomhordaitheoir ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht:
    • Déardaoin 14:00-17:00 Eolas á roinnt faoi na deontais atá ar fáil agus deis deacrachtaí i do cheantair a roinnt leis
  • Maidin Chaife faoi scéim “Tithe Teo”:
    • Dé hAoine ó 09.30-11.30