Léargas tugtha ar dheiseanna suntasacha do IS na Gaeilge i dtuarascáil nua ó Údarás na Gaeltachta agus EY

Anailís bearnaí ag leagan amach treochlár do thodhchaí dhigiteach na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí

14 Aibreán, 2026

nóiméad léite

Léiriú Spéise i gCláir Oiliúna san Intleacht Shaorga - Anseo

Sheol Údarás na Gaeltachta agus EY tuarascáil nua dar teideal IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara ag ócáid speisialta in oifig EY i mBaile Átha Cliath. Leagann an tuarascáil amach staid reatha na hIntleachta Saorga (IS) i dtaca leis an nGaeilge sa tseirbhís phoiblí, aithníonn sí na príomhbhearnaí atá le líonadh, agus molann sí treochlár praiticiúil chun réitigh IS a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Is é an comhlacht EY, gnólacht seirbhísí gairmiúla domhanda, a chuaigh i mbun taighde agus anailís na tuarascála. Tá sí bunaithe ar rannpháirtíocht fhairsing le páirtithe leasmhara sa tseirbhís phoiblí, ar a n-áirítear ceardlann idirghníomhach a reáchtáladh i nGaillimh i mBealtaine 2025, áit ar tháinig ionadaithe ó eagraíochtaí poiblí éagsúla le chéile chun deiseanna agus dúshláin a phlé.

I measc phríomhthorthaí na tuarascála tá easpa tacair sonraí poiblí Gaeilge ar ardchaighdeán de dhíth chun córais IS a thraenáil, infhaighteacht theoranta uirlisí IS, agus iarrachtaí forbartha ar fud an lucht acadúil agus an tionscail. Aithníonn an tuarascáil freisin deiseanna suntasacha chun réitigh IS a fhorbairt a thacaíonn le húsáid teanga, le hoideachas, le rochtain ar sheirbhísí phoiblí agus le gníomhaíocht eacnamaíochta i gceantair Ghaeltachta.

Aithníonn an tuarascáil trí phríomhchás úsáide a d’fhéadfadh an luach is mó a sholáthar don earnáil phoiblí agus don phobal araon.

1.       Bota Comhrá do Sheirbhísí Poiblí – córas IS glór go glór chun fiosrúcháin ghnáthaimh ó shaoránaigh a láimhseáil i nGaeilge ar an bhfón agus ar chainéil eile, chun cur go mór le raon na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge.

2.      Bota Comhrá Comhráiteach –   uirlis IS a thugann deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh go neamhfhoirmiúil ina ngnáthshaol, agus rogha comhrá i nGaeilge a chur ar fáil do chainteoirí líofa nach mbíonn an deis sin acu go laethúil.

3.       Oideachas Comhrá Gutha – áis idirghníomhach foghlama agus cumarsáide a chur ar fáil do scoláirí, a bheadh in oiriúint dá suimeanna agus dá leibhéal féin.

Tá na trí chás úsáide ag brath ar an mbonn teicneolaíochta céanna – Teanga go Téacs (TT), Téacs go Teanga (TGT) agus Samhlacha Teanga Mhóra (STManna). Is ionann an chosúlacht seo idir teicneolaíochtaí bunúsacha agus deis straitéiseach chun ardán aontaithe a dhearadh agus a úsáid a thacaíonn leis na trí chás úsáide.

Tagann na torthaí seo ag tráth a bhfuil teicneolaíochtaí IS ag imirt tionchar méadaitheach ar an gcaoi a ndéanann daoine cumarsáid, a bhfaigheann siad rochtain ar fhaisnéis agus a mbíonn siad rannpháirteach i seirbhísí digiteacha. Tá sé ríthábhachtach go bhfuil an Ghaeilge lárnach agus feiceálach sna córais seo.

Ag caint ag an seoladh, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

"Is léir ón tuarascáil seo go bhfuil deis iontach againn an Ghaeilge a neadú i dtodhchaí dhigiteach na hÉireann. Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta don ról comhordúcháin seo a ghlacadh agus muid ag obair le comhpháirtithe ar fud na hearnála poiblí, lucht acadúil agus  gnó chun réitigh IS a fhorbairt a fhreastalaíonn ar phobail Ghaeltachta agus ar chainteoirí Gaeilge go náisiúnta agus go h-idirnáisiúnta."

Dúirt Thomas Goulding, Stiúrthóir Comhairleoireachta Teicneolaíochta EY Éireann:

“Léiríonn an anailís seo go bhfuil an teicneolaíocht agus an toil pholaitiúil ann chun seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú go suntasach le IS. Leagann an treochlár sa tuarascáil seo amach na céimeanna praiticiúla atá ag teastáil chun é sin a bhaint amach.”

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo.