Tacaíonn Tesco le táirgeoir oighir i gConamara infheistíocht de €750,000 a dhéanamh

2 Aibreán, 2025

nóiméad léite

Cuireann Tesco Ireland tús le comhpháirtíocht áitiúil

  • Ní dhíolfaidh Wild Atlantic Ice Company málaí oighir ach le Tesco amháin
  • Ag spreagradh poist áitiúla agus ag cur soláthróirí dúchasacha chun cinn
  • Deontas maoinithe ag Údáras na Gaeltachta

 

14 Márta 2025: Tá branda oighir nua Éireannacha ag teacht go siopaí Tesco ar fud na tíre agus an miondíoltóir ag dul i gcomhpháirtíocht le Wild Atlantic Ice Company i gConamara chun Just Ice, mála cóisire 2kg d’oighear ar ardchaighdeáin a fhoinsítear go háitiúil a sheoladh. Beidh an táirge áitiúil ar fáil i ngach 183 siopa Tesco agus ar líne. Léiríonn an chomhpháirtíocht infheistíocht shuntasach i ndéantúsaíocht áitiúil agus i gcruthú fostaíochta.

Forbraíodh an tionscnamh le Tesco mar phríomhchustaiméir, ag tabhairt muiníne do Wild Atlantic Ice Co breis is €750,000 a infheistiú i saoráid úrscothach i Ros an Mhíl, Conamara. Le tacaíocht mhaoinithe ó Údarás na Gaeltachta, ní hamháin go bhfuil méadú tagtha ar an ndéantúsaíocht áitiúil ach tá poist nua cruthaithe sa cheantar Gaeltachta.

Dúirt Dave Robinson, bunaitheoir Wild Atlantic Ice Company, go raibh tacaíocht ó Tesco ina chúis mhór le fás na cuideachta. "Thug an chomhpáirtíocht seo le Tesco an mhuinín dúinn infheistíocht a dhéanamh i saoráid úrscothach, a ligeadh dúinn tacú le poist agus pobail áitiúla.”

Léiríonn an t-infheistiú seo tiomantas níos leithne Tesco Ireland don inbhuanaitheacht agus d’fhoinsiú áitiúil. Leag Joe Manning, Stiúrthóir Tráchtála Tesco Ireland béim ar fhócas an mhiondíoltóra ar bhia-aistir a laghdú agus ar shlabhraí soláthair áitiúla a neartú: “Is sampla eile é Just Ice, a sheoladh inár siopaí ar fud na tíre, dár dtiomantas don inbhuanaitheacht agus do na táirgí Éireannacha is fearr a chur ar fáil dár gcustaiméirí. Mar sin féin, tá níos mó i gceist leis an tionscnamh seo ná bia-aistir a laghdú — trí oibriú le Wild Atlantic Ice Co, ní hamháin go bhfuil oighear ar ardchaighdeán a fhoinsítear go háitiúil á thairiscint againn ach tá infheistíocht á dhéanamh againn freisin i dtodhchaí na bpobal áitiúil.”

Bhí ról ríthábhachtach ag tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta (ÚnaG), an ghníomhaireacht atá freagrach as forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta, chun an tionscadal seo a chur i gcrích. Chuir Dearbháil Ní Chualáin, Stiúrthóir Fiontraíochta ÚnaG fáilte roimh an gcomhpháirtíocht straitéiseach: “Tá ríméad orainn tacú leis an bhfiontar seo, a neartaíonn pobal áitiúil na Gaeltachta. Cinntíonn comhpháirtíochtaí straitéiseacha mar seo gur féidir le daoine leanúint orthu ag maireachtáil agus ag obair i gceantair ar nós Chonamara.”