Údarás na Gaeltachta ag cur fáilte roimh mhaoiniú do thionscadail ghníomhaithe aeráide i nDún na nGall

11 Deireadh Fómhair, 2024

nóiméad léite

Engineer service check installation solar cell on the roof of factory.
Engineer service check installation solar cell on the roof of factory , Sustainable energy industry concept, Renewable energy solution for climate change

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh an bhfógra ó Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir le maoiniú de bhreis is €1 milliún a bheith ceadaithe do thionscadail ghníomhaithe aeráide sa chontae faoin gCiste Gníomhaithe ar son na hAeráide Pobail.

Tá áthas ar leith orainn go bhfuil cuid shuntasach den mhaoiniú seo dírithe ar thionscadail i gceantair Ghaeltachta Dhún na nGall. Is léiriú é seo ar an tiomantas atá ag ár bpobail Ghaeltachta don inbhuanaitheacht agus don ghníomhú ar son na haeráide.

I measc na dtionscadal Gaeltachta a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh tá:

  1. Comharchumann Forbartha Dhún Lúiche (€100,000): Le haghaidh córas gréine PV, athchóiriú foirgneamh pobail, uasghrádú soilsithe LED, pointe luchtaithe feithiclí leictreacha, seastán rothar, mini-fhoraois, agus tionscadal pailneoirí.
  2. € 100,000: Lárionad Acmhainní Nádúrtha CTR & Cumann Pobail Charn Tóchair, Co. Dhoire/ Coiste Forbartha Charn Tóchair - Uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh, Painéil Ghréine agus trealamh gaolmhar, Athchóiriú foirgneamh pobail, Caidéal Teasa, Binsí Fáis.
  3. € 79,000: Ionad Acmhainní Nádúrtha (IAN Lár) – Grian-PV, Uasghráduithe Éifeachtúlachta Fuinnimh, Luchtaire Feithiclí Leictreacha, Tionscadal Bithéagsúlachta
  4. Áislann Rann na Feirste (€69,000): Le haghaidh córas gréine PV, uasghráduithe éifeachtúlachta fuinnimh, seastán rothar, ábhair do ghairdín pobail, athchóiriú foirgneamh pobail, agus soilsiú LED.
  5. Coiste Forbartha Dhobhair Teo (€51,000): Le haghaidh córas gréine PV, uasghrádú soilsithe LED, agus stáisiún líonta uisce.
  6. Coiste Forbartha Chnoc Fola (€31,800): Le haghaidh córas gréine PV agus pointe luchtaithe feithiclí leictreacha.
  7. Gleann Fhinne Cuideachta Faoi Theorainn Ráthaíochta (€16,500): Le haghaidh córas gréine PV agus trealamh gaolmhar.
  8. Comhlacht Forbartha An Tearmainn (€6,700): Le haghaidh uasghrádú soilsithe LED.

Dúirt Micheal Mac Giolla Easbuig, Ceannasaí Réigiún an Tuaiscirt, Údarás na Gaeltachta:

"Tá lúcháir orainn faoin infheistíocht mhór seo i dtionscadail inbhuanaitheachta inár bpobail Ghaeltachta atá a déanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Léiríonn sé an ról lárnach atá ag ár bpobail i dtacú le spriocanna náisiúnta maidir le hathrú aeráide agus inbhuanaitheacht. Ba mhaith linn aitheantas agus buíochas a thabhairt don Chomhairle Contae as an infheistíocht seo agus táimid ag dúil go mór leis na tairbhí fadtéarmacha a thiocfas as na tionscadail seo, ní hamháin ó thaobh na timpeallachta de ach fosta ó thaobh forbairt eacnamaíoch agus sóisialta ár bpobal Gaeltachta."

Cuirfidh na tionscadail seo go mór le hiarrachtaí na bpobal Gaeltachta a lorg carbóin a laghdú, úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú, agus feasacht a ardú faoi chúrsaí comhshaoil. Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta do thacú leis na tionscadail seo agus leanfaimid orainn ag obair i gcomhar lenár bpobail agus i gcomhar leis an Chomhairle Contae le todhchaí inbhuanaithe a chinntiú do Ghaeltacht Dhún na nGall agus níos faide i gcéin.