Údarás na Gaeltachta ag Fáiltiú Roimh Ardú Buiséid

1 Deireadh Fómhair, 2024

nóiméad léite

At the Language Planning Conference in Croke Park: Rónán Mac Con Iomaire (Údarás na Gaeltachta), Siubhán Nic Grianna (Údarás na Gaeltachta), Thomas Byrne (Minister of State), Regina Uí Chollatáin (Chairperson, Foras na Gaeilge), Seán Ó Coinn (Chief Executive, Foras na Gaeilge) and Feargal Ó Coigligh (Secretary General in the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media) discussing the development and future of the Irish language
Ag an gComhdháil Pleanála Teanga i bPáirc an Chrócaigh: Rónán Mac Con Iomaire (Údarás na Gaeltachta), Siubhán Nic Grianna (Údarás na Gaeltachta), Thomas Byrne (Aire Stáit), Regina Uí Chollatáin (Cathaoirleach, Foras na Gaeilge),Seán Ó Coinn (Príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge) agus Feargal Ó Coigligh (Ard Rúnaí sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán) ag plé forbairt agus todhchaí na Gaeilge."

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil ardú de €1.928 milliún faighte acu ina mbuiséad don bhliain seo chugainn. Is ionann é seo agus méadú 5.25% ar bhuiséad na bliana 2024.

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh an ardú seo ina mbuiséad. Is ábhar suntais é gur ag Comhdháil pleanála teanga inniu a bhí foireann an Údaráis nuair a fuair siad amach an dea-scéal seo, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann leis an obair seo dár bpobail Ghaeltachta.

Cuirfidh an méadú le cumas an Údaráis a gcuid oibre sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a leathnú, ag tógáil ar an obair luachmhar atá ar bun cheana féin ag a bhfoireann dhíograiseach.

Léiríonn an infheistíocht bhreise seo muinín láidir san obair thábhachtach atá ar siúl ag an Údarás. Bainfear leas as na hacmhainní breise seo chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeltachta agus spriocanna uaillmhianacha forbartha a bhaint amach.

Tá an tÚdarás tiomanta do thodhchaí inbhuanaithe a chothú do na pobail Ghaeltachta, agus cabhróidh an t-ardú buiséid seo leo dul chun cinn suntasach a dhéanamh i dtreo na sprice sin.

Dúirt urlabhraí ón Údarás: "Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., agus leis an Aire Stáit le freagracht as Spórt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne T.D., as a dtacaíocht leanúnach don Ghaeltacht agus d'obair an Údaráis. Léiríonn an t-ardú buiséid seo a dtiomantas do thodhchaí na Gaeltachta agus aithnímid go buíoch é sin."