Údarás na Gaeltachta Bainteach le Tograí atá á nAithint ag Comórtas Glór na nGael

12 Meán Fómhair, 2024

nóiméad léite

Bronnadh-2023-Jarlath-Burns-

Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta a fhógairt go bhfuil siad bainteach le roinnt tograí tábhachtacha sa Ghaeltacht atá á n-aithint ag Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael. Léiríonn sé seo tiomantas leanúnach Údarás na Gaeltachta d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agus cultúr na Gaeltachta. Seo liosta de na tograí atá páirteach sa chomórtas agus a bhfuil Údarás na Gaeltachta bainteach leo:

  1. Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
  2. Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí
  3. Coiste Pleanála Teanga Inis Oírr
  4. Coiste Riartha Chomhar Chuigéal Teoranta
  5. Comhlucht Forbartha na nDéise c.t.r.
  6. Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh
  7. Comharchumann Mhic Dara

Bronnfar duaischiste ar luach €70,000 ar bhuaiteoirí an chomórtais ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn 14 Meán Fómhair. Beidh Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns, i láthair chun na duaiseanna a bhronnadh.

Tá Údarás na Gaeltachta go háirithe bródúil as urraíocht a dhéanamh ar Rannóg na Gaeltachta sa chomórtas, le duaiseanna €3,000 don chéad áit agus €2,000 don dara háit.

Ag labhairt dó faoin gcomórtas, dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí agus Pleanála Teanga in Údarás na Gaeltachta:

"Is mór an onóir dúinn a bheith páirteach i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael. Oibríonn Údarás na Gaeltachta go dlúth le heagrais forbartha pobail i neartú na Gaeltachta  agus léiríonn na tograí seo díogras na heagrais seo i cothú a gcuid pobail agus an Ghaeilge iontu. Táimid an-bhródúil as an méid atá á bhaint amach acu."

Tá ról lárnach ag na tograí seo i gcur chun cinn na teanga agus i bhforbairt pobail sna ceantair Ghaeltachta. Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le bheith i láthair ag an ócáid bhronnta agus comhghairdeas a dhéanamh leis na buaiteoirí go léir as a gcuid oibre den scoth ar son na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta.