Bainisteoir Nua Ceaptha do gteic Baile na Sceilg

31 Iúil, 2024

nóiméad léite

Caitlín Breathnach
Caitlín Breathnach,

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil Caitlín Breathnach ceaptha mar bhainisteoir ar an ionad digiteach nua, gteic@Baile na Sceilg, atá le hoscailt go luath.

Tá taithí fhairsing ag Caitlín i réimse na forbartha pobail, agus os cionn fiche cúig bliain caite aici ag obair san earnáil seo. Is céimí í ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, áit ar bhain sí céim amach sa Tráchtáil, agus ghnóthaigh sí MA i mBainistíocht Rialtais Áitiúil ón bhForas Riaracháin / Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ina theannta sin, tá taithí shuntasach aici le hÚdarás na Gaeltachta, rud a chuireann go mór lena tuiscint ar riachtanais agus deiseanna na gceantar Gaeltachta.

Lena cúlra láidir i gcúrsaí gnó, a taithí le hÚdarás na Gaeltachta, agus a tiomantas don fhorbairt réigiúnach, tá Caitlín in ann-seasamh chun an t-ionad nua seo a stiúradh agus a fhorbairt. Beidh sí ag obair go dlúth le gnólachtaí áitiúla agus le páirtithe leasmhara chun a chinntiú go mbeidh gteic Baile na Sceilge ina mhol nuálaíochta agus fiontraíochta don cheantar.

Ag fáiltiú roimh an gceapachán, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

"Cuirimid fáilte mhór roimh Chaitlín Breathnach mar bhainisteoir nua ar gteic Baile na Sceilge. Tá ról lárnach ag na hionaid gteic i bhforbairt na Gaeltachta, ag cur deiseanna fostaíochta ar fáil agus ag spreagadh nuálaíochta inár bpobail. Is céim eile chun cinn í seo, ag tógáil ar an obair mhór atá déanta ag pobail na leithinsí le fada an lá."

Táimid ag súil go mór le hoscailt oifigiúil gteic Baile na Sceilge agus leis an tionchar dearfach a bheidh aige ar an bpobal áitiúil faoi cheannaireacht Caitlín.