Údarás na Gaeltachta Roghnaithe chun Ceann de Shé Éiceachóras a Bhunú chun Dul i nGleic le Dramhaíl Mhéadaitheach ó Threalamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE) in Iarthuaisceart na hEorpa

30 Iúil, 2024

nóiméad léite

A Collection Of Domestic Applicance (Ovens, Microwaves And Washing Machines) Left At A Dump Or Recycling Center
A Collection Of Domestic Applicance (Ovens, Microwaves And Washing Machines) Left At A Dump Or Recycling Center

Tá Údarás na Gaeltachta tar éis a bheith roghnaithe mar cheann de naoi bpáirtí déag i dtionscadal uaillmhianach chun éiceachórais athúsáide, deisiúcháin agus athnuachana (RRR) a phíolótú i sé réigiún ar fud Iarthuaisceart na hEorpa (NWE). Is freagairt é seo ar an méadú tapa ar dhramhaíl ó threalamh leictreach agus leictreonach (WEEE) sa réigiún, go príomha mar gheall ar shaolré níos giorra na ngléasanna leictreonacha.

Príomhchuspóirí an Tionscadail E6:

  • Acmhainn Eorpach a thógáil le haghaidh athúsáid, deisiúchán agus athnuachan trealamh leictreach agus leictreonach, bunaithe ar shé 'éiceachóras píolótach'.
  • Tacú leis na héiceachórais seo trí 'Mhol Seirbhíse', chomh maith le méadú scála trí eispéiris foghlama le Pobail Chleachtais agus abhcóideacht beartais.

Cuspóirí Sonracha:

  • An t-aistriú chuig geilleagar ciorclach agus éifeachtúil acmhainní a chur chun cinn.
  • Acmhainní na réigiún a mhéadú chun an chéad rogha athúsáide, deisiúcháin agus athnuachana trealamh leictreach agus leictreonach a thabhairt do shaoránaigh in NWE.
  • Uirlisí agus modhanna a chruthú chun tacú le héiceachórais RRR.
  • Forbairt acmhainní, ardú feasachta agus méadú scála.
  • Sé phlean gníomhaíochta réigiúnacha a chur i bhfeidhm chun an cur chuige a thástáil le príomhghníomhaithe, ag tabhairt tosaíochta do rannpháirtíocht na saoránach.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Ríegiúnaí, Pobail & Pleanála Teanga, Údarás na Gaeltachta

"Tá áthas orainn a bheith i gceannas ar an tionscadal ceannródaíoch seo, a thugann aghaidh ní hamháin ar cheist mhéadaitheach na dramhaíola leictreach agus leictreonaí ach a chuireann geilleagar inbhuanaithe ciorclach chun cinn freisin,"

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionscadal E6 agus ár n-iarrachtaí todhchaí inbhuanaithe a thógáil, tabhair cuairt ar https://e6.nweurope.eu nó ar leathanach LinkedIn an tionscadail: https://www.linkedin.com/company/e6-project/