Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh infheistíocht shuntasach i mbonneagar na n-oileán Gaeltachta

10 Iúil, 2024

nóiméad léite

Aran Islands aerial photo

Cuireann Údarás na Gaeltachta fáilte mhór roimh an bhfógra go bhfuil maoiniú suntasach ceadaithe d'oibreacha caipitil ar oileáin Ghaeltachta na tíre. Díreofar an t-airgead seo ar thionscadail riachtanacha bonneagair ar na hoileáin Ghaeltachta.

I measc na bpríomhthionscadal atá le maoiniú tá:

Contae Dhún na nGall:

- Ar Árainn Mhór, Dún na nGall  *An Baile Ard / cuarbhóthar  €195,000

- Ar Thoraigh, Bóthar an Ionaid Athchúrsála €49,000

Contae na Gaillimhe:

- Ar Inis Mór, infheisteofar €286,380 i bpríomhbhóthar calafoirt Chill Rónáin

- Ar Inis Meáin, Balla cosanta Phort na Corra €20,250

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta:

"Cuirimid fáilte mhór roimh an infheistíocht seo sna hoileáin Ghaeltachta. Cabhróidh na tionscadail seo le feabhas a chur ar cháilíocht beatha na n-oileánach, agus tacóidh siad le hinmharthanacht fadtéarmach na bpobal oileáin. Is léiriú é seo ar an tiomantas atá ann bonneagar riachtanach a fheabhsú agus a chothabháil sna ceantair Ghaeltachta, go háirithe sna háiteanna is iargúlta."

Tá an maoiniú seo mar chuid de thiomantas leanúnach an Rialtais chun tacú le pobail bheoga agus inbhuanaithe ar na hoileáin, mar a leagtar amach i mbeartas náisiúnta na n-oileán 'Our Living Islands'.

Líosta iomlán anseo: https://bit.ly/4cL5S9c