Seisiúin Eolais EMPOWER/CUMASÚ le reáchtáil i gCiarraí Dé Luain 24 Meitheamh agus Dé Máirt 25 Meitheamh

17 Meitheamh, 2024

nóiméad léite

Group photo at launch of Cumasú

Tá clár nua d'fhiontraithe mná sa Ghaeltacht á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirt leis an gclár EMPOWER, clár tacaíochta saor in aisce de chuid moil nuálaíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh agus an Rubicon Centre Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan. Tá an clár nua dírithe ar chúnamh a thabhairt do mhná atá i mbun fiontraíochta.

Tá dhá chlár ag tosú i Meán Fómhair 2024.

EMPOWER/CUMASÚ Tús: Dírithe ar mhná a bhfuil smaoineamh gnó acu atá siad ag iarraidh a iniúchadh (níos lú ná 18 mí). Reáchtálfar an clár seo uair sa tseachtain, ar feadh 4 huaire an chloig, ar líne den chuid is mó thar 12 sheachtain.

EMPOWER/CUMASÚ Fás: Mná a bhfuil gnó acu (18 mí agus níos mó) atá ag iarraidh borradh agus fás a dhéanamh. Reáchtálfar an clár seo uair sa mhí, ar feadh 11 mhí.

Tá breis is 140 bean tar éis páirt a ghlacadh sa Chlár EMPOWER go dtí seo.

Breis eolais: www.empowerprogramme.ie/cumasu

Beidh ionadaithe ón gclár, ollscoileanna teicneolaíochta chomh maith le Údarás na Gaeltachta, ag reáchtáil seisiúin eolais do mhná i gCiarraí:

- Dé Luain 24 Meitheamh:

- gteic@An Dromaid idir 10am agus 12pm

- gteic@Baile an Sceilg idir 12.30pm agus 2pm

- Dé Máirt 25 Meitheamh:

- gteic@Corca Dhuibhne idir 10am agus 12pm

Dúirt Susan Ní Churnain, Údarás na Gaeltachta,

"Tá traidisiún fada fiontraíochta ag mná Chiarraí agus is iontach an rud é go bhfuil an deis seo acu leis an gclár EMPOWER/Cumasú chun fás agus forbairt. Táimid ag súil go mór le mná Chiarraí an deis seo a thapú."