Fáilte roimh deontas €3.27m fógraithe do Mhol Forbartha Réigiúnach Choláiste Íosagáin, Baile Bhúirne

13 Bealtaine, 2024

nóiméad léite

Thóg na braithre De La Salle Coláiste Iosagain i 1940. Bhí sí in úsáid mar scoil acu go dtí 1989. Cheannaigh Údaras Na Gaeltachta é i 1998 agus tá an foirgneamh stairiúil seo ina seilbh acu ó shin.

Dúirt Michael Creed, TD,

“Is iontach an scéal atá fógraithe ar maidin ag an Aire Heather Humphreys go bhfuil deontas de bheagnach €3.3 milliún le fáilt ag Údarás na Gaeltachta chun brú ar aghaidh le h-athchóiriú an iar-mheánscoil chónaithe Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne.”

“Is tionscadal ana-thabhachtach é seo do cheantar Mhúscraí agus do Chontae Chorcaí ar fad. Déanfar an foirgneamh a thiontú ina Mol Fortbartha Réigiúnach, ag cur áiseanna ar fáil chun fiontraíocht a mhúscailt agus a fhorbairt, chun traenáil a chur ar fáil agus chun taighde a dhéanamh. Cosnóidh an obair ar fad beagnach €9m, ach anois tá níos mó ná aon trian den airgead sin curtha ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail faoi Scéim Athnuachana na Tuaithe.”

“Le fada an lá, bhí tréaniarrachtaí ar siúl agam ag leibhéal an Rialtais chun béim a chur ar thabhacht an tionscadail seo. Is cúis mhór áthais dom a fháil amach go bhfuil maoiniú le cur ar fáil anois. Guím gach rath ar an obair.”

Tá Mol Forbartha Réigiúnach á fhorbairt ann. Cruthófar 1,720 méadar ceárnach (18,500 troigh ceárnach) de spás fiontraíochta solúbtha, a bheidh ceangailte le snáithín optaice, mar chuid de Gteic, gréasán digiteach na Gaeltachta. Beidh Oifig Réigiúnach Údarás na Gaeltachta lonnaithe ar an láthair chéanna freisin. Beidh tacaíochtaí oiliúna agus forbartha gnó ar fáil ón ionad, a mbeidh sé de sprioc aige tacú le cruthú 300 post sna blianta atá le teacht.

Fuair an tógra seo €2.7m (€2.1m caipitil) i 2020 uaidh Fiontraíocht Éireann. Cruthóidh an Mol Forbartha Réigiúnach deiseanna fostaíochta bhreise agus déanfaidh an bonn fiontraíochta a leathnú agus a láidriú go háitiúil. Táthar ag tabhairt faoin dtogra mar thogra comhpháirtíochta le geallshealbhóirí réigiúnacha a fheidhmíonn mar chomhpháirtithe togra le hÚdarás na Gaeltachta ar nós Comhairle Chontae Chorcaí, UCC, MTU, BOO Chorcaí, Scileanna Réigiúnacha Thoir Theas, Gréasán Gnó Skillnet Thoir Theas agus Fiontraíocht Éireann.