Clár LEADER 2023-2027 seolta ag Údarás na Gaeltachta

2 Bealtaine, 2024

nóiméad léite

Coiste Meastóireachta Leader na Gaeltachta le baill foirne an Údaráis – Ar cúl ó chlé - Seán Ó Gallchóir – (Údarás), Micheal Mac Giolla Easbuig – Ceannasaí Réigiún an Tuaiscirt, Martina Ní Chanainn – (Údarás), Treasa Ní Ghallachóir – (Ball Coiste), Máirín Uí Fhearraigh – (Ball Coiste), Eunan Mac Cuinneagáin – Cathaoirleach Coiste, Ar tosaigh ó chlé – Tomás Ó Síocháin Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Eilís Ní Dhochartaigh – (Ball Coiste), Bearnaí Ó Gallchobhair – Leas Cathaoirleach Coiste, Seán Ó Gallachóir – (Ball Coiste), Síle Uí Ghallchóir – (Ball Coiste)

Sheol Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin, Tuairisc ar Chlár LEADER 2014-2022 an Údaráis, ag ócáid in gteic Ghaoth Dobhair tráthnóna Dé Ceadaoin.  Chomh maith leis sin rinneadh fógairt ar Chlár LEADER an Údaráis 2023-2027.

Is é Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall (LCDC) atá freagrach as Clár LEADER a chur i bhfeidhm i gCo Dhún na nGall. Tá Údarás na Gaeltachta ar cheann de cheithre chomhpháirtí feidhmiúcháin LEADER sa Chontae - is iad Páirtíocht Forbartha Inis Eoghain (IDP), Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall (DLDC) agus Comhar na nOileán CTR na trí pháirtí eile. Tá riaradh agus feidhmiú an Chláir i nGaeltacht Dhún na nGall faoi chúram an Údaráis agus Chomhar na nOileán CTR – an tír mór faoi chúram an Údaráis agus oileáin Ghaeltachta Dhún na nGall faoi chúram Chomhar na nOileán.

Ceadaíodh 63 tionscadal in iomlán do 41 tionscnóir, faoi Chlár LEADER an Údaráis don tréimhse 2014­-2022, ina measc bhí ghrúpaí deonacha, tionscnaimh phríobháideacha agus phobail agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Bhí na tograí dírithe ar chaighdeán maireachtála agus deiseanna eacnamaíochta a chur chun cinn ar mhaithe le leas an phobail faoi chreatlach na Straitéise Forbartha Áitiúil don tréimhse.

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt Tomás Ó Siocháin go raibh cur i bhfeidhm Chlár LEADER i nGaeltacht Dhún na nGall thar an tréimhse 2014-­2022 ina ghné lárnach do ghníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta.

“Chuir an Clár ar chumas an Údaráis tacaíocht bhreise riachtanach a chur ar fáil do thograí tábhachtacha i bpobail Ghaeltacht Dhún na nGall agus a chuid oibre i gcomhar le pobail agus tionscnóirí tograí a neartú. Ag obair i gcomhar le agus i gcomhpháirt le Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhar na nOileán CTR, Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall (DLDC) agus Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain (IDP) agus geallshealbhóirí éagsúla eile, cuireadh luach suntasach breise le gníomhaíochtaí forbartha an Údaráis tríd an Clár”. 

Gabhadh buíochas leis na geallsealbhóirí uilig a raibh baint acu le feidhmiú chlár 2014-2022 agus guíodh gach rath ar an chlár úr, atá anois oscailte, don tréimhse ceithre bliana amach romhainn.