Deis Nua Do Chéimithe – Iarratais á Lorg

Tá deis nua do chéimithe a bhfuil Gaeilge acu á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta a bhfuil Dioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) i gcomhar le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh beartaithe ina leith.

16 Aibreán, 2024

nóiméad léite

Tá deis nua do chéimithe a bhfuil Gaeilge acu á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta. Den chéad uair, tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint conradh oibre le taithí ghairmiúil a mhairfidh suas le dhá bhliain agus a bhfuil Dioplóma Iarchéime (Leibhéal 9) ó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta beartaithe ina leith.

Tá an conradh oibre seo oscailte do chéimithe de gach cineál cáilíochta - gnó, teicneolaíocht, cuntasaíocht, pleanáil, bainistiú tograí, eolaíocht, na heolaíochtaí sóisialta agus cumarsáid san áireamh.

Gheobhaidh na hiarrthóirí rathúla taithí ghairmiúil i rannóga éagsúla Údarás na Gaeltachta le linn thréimhse dhá bhliain an chonartha oibre. Beidh rogha ag na rannpháirtithe a bheith lonnaithe in aon oifig réigiúnach de chuid an Údaráis sna Forbacha i nGaillimh, i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill, i mBéal an Mhuirthead i gCo. Mhaigh Eo, i nDaingean Uí Chúis, i gCo. Chiarraí nó i mBaile Mhic Íre i gCo. Chorcaí.

Nuair a bheidh an conradh oibre críochnaithe ag na céimithe, beidh a gcuid scileanna agus a gcuid cumais forbartha acu chun folúntais a líonadh i gcomhlachtaí Gaeltachta, i bhfiontair shóisialta agus san earnáil phoiblí chomh maith le folúntais in eagrais agus ranna Stáit atá ag cur seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Maidir leis an deis nua seo GAIRM - Céim Chun Cinn, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta:

“Is deis ar leith é GAIRM do chéimithe a bhfuil Gaeilge acu. Tabharfaidh sé taithí fhairsing dóibh i rannóga an Údaráis agus i gcliantchomhlachtaí an Údaráis, ach anuas air sin, den chéad uair, beidh na hinniúlachtaí a bhaineann le tograí a bhainistiú idir thaithí phraiticiúil agus eolas acadúil ag croílár na cáilíochta seo. Beidh an taithí sin ina buntáiste ag céimithe atá ag tabhairt aghaidh ar an saol oibre atá amach rompu.”

Dúirt an Dr. Seamus Lennon, Uachtarán Scoil Ghnó Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh:

“Táimid an-sásta a bheith ag obair i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta ar an tionscnamh den scoth seo. Tabharfaidh an Dioplóma Leibhéal 9 atá beartaithe agus á fhorbairt againn deis iontach do chéimithe a bhfuil Leibhéal 8 bainte amach acu uasoiliúint a dhéanamh i réimsí éagsúla lena n-áirítear bainistíocht, straitéis, bainistiú tograí, forbairt inmharthana agus tuaithe agus i réimse an aistrithe dhigitigh. Beidh na céimithe a bhainfidh cáilíocht amach in ann poist bhainistíochta a fháil i réimsí éagsúla tionscail agus gnó. Is clár ar leith é seo agus is bealach nuálaíoch é chun taithí oibre cheannaireachta a fháil i réimse leathan gnó agus tionscail mar aon le cáilíocht Leibhéal 9 a bhaint amach”.

Is d’iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus a bhfuil céim Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí bainte amach acu nó do dhaoine a bhfuil súil acu céim a bhaint amach ag deireadh na bliana acadúla 2023/2024 an deis seo. Is féidir iarratas a dhéanamh ach dul chuig GAIRM.

Glacfar le hiarratais go dtí 4.00 i.n. ar an 22 Aibreán 2024.

Tuilleadh eolais:
Údarás na Gaeltachta: Susan Ní Churnáin, Údarás na Gaeltachta,
s.nichurnain@udaras.ie066 9150100
Lorg Media: Orla Ní Threasaigh, orla@lorgmedia.ie091 728 134

Tags: GAIRM