Allúntas suas le €1,926,120 ceadaithe d'Údarás na Gaeltachta chun Clár Tacaíochta do Ghnólachtaí Gaeltachta a fheidhmiú thar tréimhse 3 bliana
Inniu, 7 Márta, d’fhógair An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D., agus Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., maoiniú d’os cionn €1.9m d’Údarás na Gaeltachta do Chlár Tacaíochta chun an Ghaeilge a spreagadh i measc gnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha seirbhíse, miondíola agus fáilteachais.
Is clár tacaíochta nua é an Clár Tacaíochta do Ghnólachtaí le Gaeilge a bheidh á fhorbairt agus á fheidhmiú i ndeich (10) mbaile ar fud na Gaeltachta. Díreoidh an togra ar chumasú gnólachtaí chun seirbhís ar ardchaighdeán i nGaeilge a sholáthar do phobal na Gaeltachta agus do thurasóirí, chomh maith le feiceálacht na Gaeilge a mhéadú sna bailte seo agus íomhá láidir Ghaelach a chothú agus a chur chun cinn iontu. Is ar ghnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha miondíola, fáilteachais agus turasóireachta a bheidh an Clár dírithe. Is earnálacha iad seo, cé is móite den earnáil turasóireachta, nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Údarás tacú leo tríd na scéimeanna maoinithe atá á gcur i bhfeidhm aige faoi láthair.
Dúirt An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D., agus í ag fógairt an allúntais:
“go bhfuil deis níos mó ná riamh anois, agus an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil sna 26 Limistéar Pleanála Teanga agus i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, dul i gcion ar an lucht gnó agus an tionchar mór a d’fhéadfaidís a imirt ar chothú agus ar shealbhú na teanga sa Ghaeltacht a léiriú dóibh.”
Agus é ag labhairt faoin gclár, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan T.D.:
“Tá súil agam go mbainfidh na gnólachtaí agus an pobal araon tairbhe as an gclár agus go mbeidh siad rannpháirteach i dtreisiú agus i gcur chun cinn na Gaeilge sa 10 mBaile Gaeltachta a roghnófar. Tá an clár tacaíochta seo ag teacht le spriocanna an phróisis phleanála teanga agus beidh comhoibriú agus ról lárnach ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga cuí freisin i dtacú agus i gcur chun cinn an chláir taobh istigh dá Limistéár Pleanála Teanga nó Baile Seirbhíse Gaeltachta féin.”
Nótaí don Eagarthóir