€1.9m ceadaithe ag na hAirí Martin agus O’Donovan chun an Ghaeilge a spreagadh i ngnólachtaí Gaeltachta

Allúntas suas le €1,926,120 ceadaithe d'Údarás na Gaeltachta chun Clár Tacaíochta do Ghnólachtaí Gaeltachta a fheidhmiú thar tréimhse 3 bliana

7 Márta, 2024

nóiméad léite

Inniu, 7 Márta, d’fhógair An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D., agus Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., maoiniú d’os cionn €1.9m d’Údarás na Gaeltachta do Chlár Tacaíochta chun an Ghaeilge a spreagadh i measc gnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha seirbhíse, miondíola agus fáilteachais.

Is clár tacaíochta nua é an Clár Tacaíochta do Ghnólachtaí le Gaeilge a bheidh á fhorbairt agus á fheidhmiú i ndeich (10) mbaile ar fud na Gaeltachta. Díreoidh an togra ar chumasú gnólachtaí chun seirbhís ar ardchaighdeán i nGaeilge a sholáthar do phobal na Gaeltachta agus do thurasóirí, chomh maith le feiceálacht na Gaeilge a mhéadú sna bailte seo agus íomhá láidir Ghaelach a chothú agus a chur chun cinn iontu.  Is ar ghnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha miondíola, fáilteachais agus turasóireachta a bheidh an Clár dírithe. Is earnálacha iad seo, cé is móite den earnáil turasóireachta, nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Údarás tacú leo tríd na scéimeanna maoinithe atá á gcur i bhfeidhm aige faoi láthair.

Dúirt An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, Catherine Martin T.D., agus í ag fógairt an allúntais:

go bhfuil deis níos mó ná riamh anois, agus an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil sna 26 Limistéar Pleanála Teanga agus i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, dul i gcion ar an lucht gnó agus an tionchar mór a d’fhéadfaidís a imirt ar chothú agus ar shealbhú na teanga sa Ghaeltacht a léiriú dóibh.”

Agus é ag labhairt faoin gclár, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan T.D.:

“Tá súil agam go mbainfidh na gnólachtaí agus an pobal araon tairbhe as an gclár agus go mbeidh siad rannpháirteach i dtreisiú agus i gcur chun cinn na Gaeilge sa 10 mBaile Gaeltachta a roghnófar. Tá an clár tacaíochta seo ag teacht le spriocanna an phróisis phleanála teanga agus beidh comhoibriú agus ról lárnach ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga cuí freisin i dtacú agus i gcur chun cinn an chláir taobh istigh dá Limistéár Pleanála Teanga nó Baile Seirbhíse Gaeltachta féin.”

 

Nótaí don Eagarthóir

 

  • D’fhostaigh Údarás na Gaeltachta an comhlacht CSEI (Customer Service Excellence Ireland) le tabhairt faoi obair thaighde agus moltaí a dhéanamh i dtaobh úsáid na Gaeilge i measc lucht gnó sna hearnálacha miondíola, fáilteachais agus turasóireachta. Tá taithí ag CSEI ag seachadadh seirbhísí proifisiúnta do ghnólachtaí sna hearnálacha miondíola agus fáilteachais i réimsí ar nós seirbhísí custaiméara, eispéireas custaiméara agus díolacháin.
  • Mar chuid den Chlár, fostóidh Údarás na Gaeltachta ceathrar chun an clár a sheachadadh:
    • Comhordaitheoir chun an Clár Tacaíochta a stiúradh, a bhainistiú agus fheidhmiú.
    • Triúr (3) feidhmeannach réigiúnach (Uladh/ Connacht-Laighean/ Mumhan) a bheidh ag plé go sonrach le gnólachtaí sna réigiúin a mbeidh siad lonnaithe iontu.
  • Beidh sé mar sprioc go mbeidh an Clár Tacaíochta dírithe ar ghnólachtaí atá lonnaithe i suas le 10 mBaile Gaeltachta thar an tréimhse trí bliana.