Craobh Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa Gen-E

Fiontraithe Óga Chorca Dhuibhne ag súil go mbeidh duais ina bpóca agus iad ag teacht abhaile ón bpríomhchomórtas Eorpach

7 Iúil, 2023

nóiméad léite

Beidh ceathrar fiontraithe óga as Gaeltacht Corca Dhuibhne ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann ag Craobh Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa Gen-E a bheidh ar siúl i Istanbul, príomhchathair na Tuirce an tseachtain seo ón 11 -14 Iúil.

 

Is iad Cian Mac Gearailt, Pádraig Ó Muircheartaigh, Cathal Ó Fearghail agus Tadhg Ó Cathail a thug an craobh náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta leo san Earrach. Is iad a bhunaigh an mionchomhlacht Soláthraí Spóirt/Daedalus Sports agus a d’fhorbair táirge ar ardchaighdeán – stocaí spóirt ina bhfuil póca beag áisiúil, chun gur féidir cosaint béil, cárta bainc nó aon ábhar beag a theastaíonn a choimeád sábháilte a chur i dtaisce ann. Tá an-suim sa táirge ó bunaíodh an gnó agus tá an-tacaíocht agus cúnamh faighte acu ó mhúinteoirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne, chomh maith le tacaíocht ó fheidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland.

Bhí iomaíocht ghéar sa gcraobh náisiúnta agus seacht gcinn de mhionchomhlachtaí ó ranganna idirbhliana na scoileanna Gaeltachta ag iarraidh áit a bhaint amach sa gcraobh Eorpach. Seo é an cúigiú uair ag buaiteoirí Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta deis a bheith acu páirt a ghlacadh ag leibhéal na hEorpa den chomórtas.

 

Gradam Rogha an Phobail

Tá Soláthraí Spóirt/ Daedalus Sports san iomaíocht freisin do Ghradam Rogha an Phobail a chinnfear trí vóta poiblí ar líne ag https://expo.gen-e.eu/.  Is faoin bpobal atá sé buaiteoir a roghnú agus tá an deis vótála oscailte anois agus beidh go mbeidh an comórtas críochnaithe. Is féidir leis an bpobal vóta a chaitheamh luath agus go minic d’fhiontraithe Chorca Dhuibhne faoi ainm nua an chomhlachta Daedalus Sports!

 

Le linn Chomórtas na hEorpa, cuirfidh Cian, Padraig, Cathal agus Tadhg a dtáirge, an comhlacht, a ndul chun cinn agus a gcuid pleananna os comhair na moltóirí agus fiontraithe óga ó bhallstáit eile an AE atá san iomaíocht sa gcomórtas.

 

Labhair Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

Tá Údarás na Gaeltachta an-bhródúil go bhfuil foireann ar nós Soláthraí Spóirt/Daedalus Sports ag dul chun na hEorpa, ní amháin ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann, ag cur táirge samhlaíoch na stocaí spóirt os a gcomhair, ach iad ag déanamh ionadaíochta ar son na Gaeltachta chomh maith.  Ba mhór an spreagadh an oiread sin fiontraithe óga a fheiceáil ag glacadh páirte i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta 2023.  Léiríonn eolas agus díograis na ndaltaí seo go bhfuil an fhiontraíocht sa nGaeltacht slán sábháilte. Go n-éirí an t-ádh le Cian, Pádraig, Cathal agus Tadhg agus chuile dhuine i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.

 

Chuir Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland, Helen Raftery leis an méid sin:

“Le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, tá deis tugtha ag Clár na gComhlachtaí do os cionn 550 mac léinn scoile ó chuile réigiún Gaeltachta a gcuid scileanna fiontraíochta a fhorbairt agus a úsáid. Beidh sé seo thar a bheith luachmhar dóibh, ina gcuid oideachais agus amach anseo, nuair a thugann siad aghaidh ar an saol oibre. Thug siad leo an craobh sna babhtaí réigiúnacha agus náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí le Údarás na Gaeltachta agus anois beidh Soláthraí Spóirt/ Daedalus Sports ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co. Chiarraí ag déanamh ionadaíochta ar an tír seo ag comórtas JA Comhlacht na Bliana in Istanbul na Tuirce an tseachtain seo chugainn. Guímid gach rath ar an bhfoireann agus iad ag dul san iomaíocht le fiontraithe óga as ceathracha tír eile ar fud na hEorpa.”