gteic@Ráth Cairn

An tAire Stáit Gaeltachta, Patrick O’ Donovan, T.D. ag casadh an fhóid inniu ar gteic @Ráth Cairn

28 Meitheamh, 2023

nóiméad léite

Is é an tAire Stáit Gaeltachta, Patrick O’ Donovan, T.D. a bheas ag casadh an fhóid inniu ar gteic @Ráth Cairn, an 28ú gteic atá á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta mar chuid de Ghréasán Digiteach na Gaeltachta – gréasán de os cionn 30 mol nuálaíochta agus digiteach atá á bhforbairt in ionaid ar fud na Gaeltachta. Tá súil go mbeidh an gteic réidh le n-oscailt sa gcéad ráithe de 2024.

Mar chuid dá chuairt ar Ghaeltacht na Mí, beidh an tAire Stáit freisin ag casadh le grúpaí agus eagraíochtaí áitiúla, ina measc, Comharchumann Ráth Cairn agus Glór na nGael, a bhfuil oifig acu sa gceantar.

Dúirt príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

 

“Tá muid fíor-shásta go bhfuilimid in ann tabhairt faoin togra seo i gcomhpháirt le Comharchumann Ráth Cairn agus gur gearr go mbeidh an obair thógála á thosú ar gteic Ráth Cairn. Tá obair den scoth déanta ag Fóram Fiontraíochta na Mí ag cothú deiseanna forbartha sa bpobal seo agus tá muid ríméadach go bhfuil muid ábalta cuidiú leo sa bpróiseas sin.”

 

“Tá an gréasán digiteach gteic ag dul ó neart go neart agus ag cur le cumas fiontraíochta agus le deiseanna fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta. De réir mar atá an gréasán ag forbairt, tá gteiceanna anois ag tacú le gach sórt comhlacht Gaeltachta ar a n- aistear digiteach agus ag imirt ról oiliúna agus forbartha do ghnólachtaí, ag tabhairt treoir dóibh agus ag cuidiú leo aghaidh a thabhairt ar an ré nua digiteach. “