Bí Dearfach a lonnú i gteic @Gaoth Dobhair

Be Positive/Bí Dearfach, comhlacht ardtheicneolaíochta as Albain le bunáit Éireannach a lonnú i gteic @Gaoth Dobhair

23 Meitheamh, 2023

nóiméad léite

At the launch of Dath an Dóchais art exhibition,An Gailearaí Gaoth Dobhair on Monday last. Photo Clive Wasson

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh an fhógra go bhfuil an comhlacht Be Positive/Bí Dearfach chun a bunáit nua Éireannach a lonnú i gteic @Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill.    Cuireann an comhlacht Albanach seo seirbhísí teicneolaíochta ar fáil do chliaint i bhfoirm anailise gnó, agus cuireann siad réitigh ar fáil do ghnólachtaí le cur lena gcumas digiteach.

Beidh oscailt oifigiúil á dhéanamh ag an gcomhlacht ar a n-oifig nua ar an Máirt 27 Meitheamh.

Dúirt Colin Quinn, stiúrthóir an chomhlachta:

“Tá muid ar bís faoi a bheith ag tabhairt Bí Dearfach go hÉirinn. Tá dea-cháil ar an tír seo mar gheall ar fheabhas na hearnála digitigh agus teicneolaíochta fáisnéise anseo, agus luíonn sé sin go maith le proifil na gcustaiméirí atá againn.”

“Mar gheall ar ár mbunáit nua i nDún na Gall, tá teacht againn ar fhórsa saothair le ardoideachas, atá sár-oilte. Tá a fhios againn go bhfuil deiseanna traenála den scoth ar fáil i nDún na nGall, go háirithe traenáil theicniúil;  tugann sé sin muinín dúinn go mbeidh ár bhfoireann ábalta bheith chun cinn i gcónaí ar na teicneolaíochtaí is fearr agus is nuálaí, agus muid ag freastal ar ár gcustaiméirí.”

“Anois agus muid tagtha go hÉirinn, bheadh súil againn a bheith ábalta an deis a thairiscint do Anailiseoirí Gnó agus Úinéaraí Táirge, i nDún na nGall nó níos faide ó bhaile, postanna maithe ar ardchaighdeán a aimsiú san iarthuaisceart. “

 

Dúirt Micheál Ó Duibhir, bainisteoir an ghréasáin gteic:

“Tá lúcháir orainn go bhfuil fáilte á chur againn roimh chomhlacht ceannródaíoch eile go gteic @Gaoth Dobhair. Is léir go bhfuil an scéal ag scaipeadh faoi fheabhas na n-áiseanna agus faoin tacaíocht a chuirtear ar fáil anseo; tá muid thar a bheith sásta go bhfuil sé sin ag cur leis na deiseanna fostaíochta i nGaoth Dobhair agus le forbairt na Gaeltachta trí chéile. Tá muid cinnte go mbeidh gach rath ar Be Positive/Bí Dearfach agus beidh muidne, foireann Údarás na Gaeltachta ar fáil le cibé cúnamh is féidir linn a chur ar fáil.”