Drioglann Fuisce i gCarna

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh chead pleanála do dhrioglann fuisce i gCarna, Co. na Gaillimhe

25 Bealtaine, 2023

nóiméad léite

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh chinneadh Chomhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála a thabhairt do Dhrioglann Fuisce, Siopa Earraí, Caife, Beár Blaiseadh agus Ionad Oidhreachta ar Páirc Ghnó Charna, Roisín na Maithniach, Co. na Gaillimhe. Rinne an tÚdarás an t-iarratas ar son Dhrioglann Iarthar na Gaillimhe Teoranta

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin

“Is dea-scéal é seo do cheantar Iorrais Aithneach agus do Chonamara. Cuirfidh an t-ionad nua atá beartaithe go mór le hacmhainn turasóireachta an cheantair. Ní amháin go mbeidh ar chumas lucht forbartha na drioglainne táirge den chéad scoth a chur ar fáil ach beidh ionad tarraingteach turasóireachta ann, a chuirfidh se go mór le mealltacht an cheantair do chuairteoirí agus a bheidh sé ina áis freisin do phobal an cheantair.”