Dul i dTreo Iarratais Nua Pleanála do Thogra Pháirc na Mara

Údarás na Gaeltachta ag dul i dtreo iarratais nua pleanála do thogra Pháirc na Mara i gCill Chiaráin, Conamara

3 Bealtaine, 2023

nóiméad léite

 

Tá sé socraithe ag Údarás na Gaeltachta tús a chur le próiseas i dtreo iarratais nua ar chead phleanála a réiteach do thogra Pháirc na Mara i gCill Chiaráin.

I mí Aibreáin a dhiúltaigh An Bord Pleanála don aighneacht a rinne Údarás na Gaeltachta maidir le cinneadh Chomhairle Contae na Gaillimhe gan cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara.

Tá tús curtha le hobair inmheánach i dtreo iarratais nua cheana féin. Ainneoin sin, ach an oiread le hathbhreithniú dlíthiúil ar chinneadh an Bhord Pleanála, bheadh deireadh 2024 ann sula mbeadh iarratas réidh le cur faoi bhráid Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin:

“Tá grinnscrúdú déanta ag Údarás na Gaeltachta ar an gceist seo le roinnt seachtainí. I bhfianaise chinneadh an Bhoird Pleanála, chuaigh muid i gcomhairle le saineolaithe pleanála agus dlí agus creidimid go láidir gurb é an rud is fearr agus is ciallmhaire le déanamh ag an tráth seo, tús a chur le próiseas i dtreo iarratais eile pleanála a dhéanamh chuig an Údarás Áitiúil.

Tá muid iomlán tiomanta do thogra Pháirc na Mara.  Is tionscadal thar a bheith tábhachtach é seo do cheantar Iorras Aithneach agus tá sé tábhachtach go dtabharfar chun críche é, ar mhaithe le deiseanna náisiúnta fostaíochta, oiliúna agus taighde a chruthú agus borradh a chur faoi gheilleagar an cheantair.”

“É sin ráite, caithfidh muid a bheith cinnte go bhfuil ár gcur chuige i dtaobh pleanála ag teacht leis na riachtanais nua aeráide agus riachtanais eile, más ann dóibh. Beidh muid ag féachaint go cúramach ar chinneadh an Bhoird Pleanála, lena chinntiú go bhfuilimid ag freastal ar na riachtanais sin. Tá muid muiníneach go mbeidh ar ár gcumas sin a dhéanamh.”