SOLAS – Ionad Nua Turasóireachta do Ghaeltacht Mhaigh Eo

Faigheann lucht gnó agus pobal Ghaeltacht Mhaigh Eo blaiseadh den méid a bheas ar fáil san ionad nua turasóireachta SOLAS a bheas ag oscailt an Samhradh seo

28 Aibreán, 2023

nóiméad léite

Bhí cruinniú an-tairbheach in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead aréir, nuair a cuireadh an pobal agus gnólachtaí áitiúla ar an eolas faoin bhfuil beartaithe leis an ionad nua turasóireachta SOLAS atá le n-oscailt ar an Eachléim i mí Iúil. Bhí Méadbh Seoighe ann chun an togra a chur i gcomhthéacs níos leithne den fhís atá ag an Údarás do thurasóireacht sa nGaeltacht, agus lean Dáithí Ó Gallchobhair ó Fáilte Ireland leis an téama sin agus an tábhacht a fheiceann Fáilte Éireann leis an turasóireacht sa nGaeltacht agus ar na hoileáin. Labhair Aoife Porter ó Bua Media faoin mbealach le margaíocht a dhéanamh ar bhuntáistí na Gaeltachta agus mhínigh Dave Ward ó Choimisinéirí Soilse na hÉireann an tábhacht atá le tithe solais na leithinise agus an leas is fearr is féidir a bhaint astu mar áis turasóireachta.

 

Labhair Seán Ó Gallachóir ó Chomharchumann Forbartha Ionad Deirbhile agus Joan Ní Fhathaigh, a rinne an togra seo a stiúradh d’Údarás na Gaeltachta, faoin tábhacht eacnamúil agus sóisialta a bhaineann le SOLAS don bphobal áitiúil,  agus an fhostaíocht a chruthófar agus atá cruthaithe cheana féin, le linn an obair thógála.

Ghlac na hionadaithe áitiúla, Seán Carey agus Gerry Coyle, buíochas le gach a bhí i láthair as an méid rinne siad chun an togra a chur chun cinn go dtí seo.

 

Beidh an áis nua turasóireachta ag leagan béime ar chultúr agus ar oidhreacht Ghaeltacht Mhaigh Eo agus aird ar leith ar cheangal an phobail leis an bhfarraige. Beidh fócas láidir ar thraidisiún ceardaíochta na Gaeltachta agus beidh eolas le fáil ann faoi shaibhreas sainiúil comhshaoil agus nádúir an cheantair.

 

Tá gach duine ar bís anois don oscailt i lár an tSamhraidh!