Foireann Bhainistíochta Ollscoil na Gaillimhe chuig Ardoifig an Údaráis

6 Aibreán, 2023

nóiméad léite

Bhí an-áthas ar Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo fáilte a chur roimh Fhoireann Bhainistíochta Ollscoil na Gaillimhe chuig Ardoifig an Údaráis, áit a reáchtáladh cruinniú de chuid na Foirne Bainistíochta; tá sé mar cheann de fhorálacha Straitéis Gaeilge na hOllscoile 2021-2025 go reáchtálfaí cruinniú amháin sa bhliain den Fhoireann in ionad Gaeltachta.

Ag labhairt tar éis an chruinnithe, dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin:

“Thug cuairt an lae inniu deis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann, idir an dá eagraíocht, tógáil ar an gcomhoibriú leanúnach atá eadrainn faoi láthair agus cur leis ar bhealach nua, chun leasa phobal na Gaeltachta, na Gaeilge agus na hOllscoile.’'

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh:

''Tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta do na nascanna atá againn leis an nGaeltachta a dhaingniú agus a neartú. Tá an Gaeilge luachmhar dúinn ar fad agus tacaíonn muid go hiomlán lenár bhfoireann , ár micléinn agus ár bpobal saol oibre a chaitheamh tré Ghaeilge. Tá muid anseo ar son an leasa poiblí agus ar mhaithe leis na pobail ar a bhfuil muid ag déanamh freastal. Ta muid ag tnúth le leanacht orainn ag obair le hÚdarás na Gaeltachta leis an aidhm sin a bhaint amach.''