Príomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Mhuintearas Teo.

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an fhógra
go bhfuil príomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Mhuintearas Teo.

3 Feabhra, 2023

nóiméad léite

Fáiltíonn Údarás na Gaeltachta roimh an fhógra go bhfuil Elaine Scahill ceaptha mar Príomhfheidhmeannach ar Mhuintearas Teo.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta:

“Tá ríméad orainn go mbeidh duine chomh cumasach ag glacadh stiúir anois ar eagraíocht a bhfuil ról an-tábhachtach aige i bhforbairt agus i neartú na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá muid ag súil go mór le bheith ag obair i dlúthpháirtíocht le Muintearas sa tréimhse amach romhainn i réimsí óige, oiliúna agus oideachais, ar mhaithe le pobal na Gaeltachta.”

 

“Guíonn muid gach rath ar Elaine Scahill agus í ag tabhairt faoina cúramaí nua agus glacann muid buíochas le Seán Ó Coisdealbha as an obair cheannródaíoch a rinne sé le linn na mblianta a bhí se ag stiúradh na heagraíochta.”