CUMASÚ

Seolann Údarás na Gaeltachta i gcomhpháirt le EMPOWER clár píolótach nua CUMASÚ dírithe ar fhiontraithe mná

1 Feabhra, 2023

nóiméad léite

Ar an gCéadaoin 25 Eanáir a seoladh clár nua do fhiontraithe mná i nGaeltacht Mhaigh Eo agus na Gaillimhe, atá á chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirt leis an gclár EMPOWER, clár tacaíochta saor in aisce de chuid mhoil nuálaíochta Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, dírithe ar chúnamh a thabhairt do mhná atá i mbun fiontraíochta.

Beidh 15 bean ag glacadh páirt sa gclár seo, a bheas á chur ar fáil go páirt-aimseartha thar 12 seachtainí ag saineolaithe i gcomhlachtaí túschéime. Cuirfidh sé seo ar chumas na rannpháirtithe aird a thabhairt ar chúramaí clainne, fhad agus atá siad ag pleanáil agus ag forbairt a ngnólachtaí nua. Is deis é smaointe nua a thástáil, go bhfeicfear cén ghlacadh a bheas ag custaiméaraí leo.