Comhdháil An Eacnamaíocht Ghorm

Comhdháil le reáchtáil in Údarás na Gaeltachta
i gcomhair leis an eagraíocht Asia Matters

23 Samhain, 2022

nóiméad léite

Mar chuid de sheachtain ghnó Asia Matters, beidh Údarás na Gaeltachta ag reáchtáil seimineár ar an Eacnamaíocht Ghorm ar an 29 Samhain, ag díriú ar an Nuálaíocht Mhara agus ar Fhuinneamh Eischósta, comhdháil ag a mbeifear ag tabhairt léargais ar staid na heacnamaíochta goirm in Éirinn agus ar fud na cruinne.

Ina measc siúd a bheas ag labhairt faoi cheist an fhuinnimh eischósta, beidh Martin Murray, Príomhfheidhmeannach Asia Matters, Séamus Mc Cabe, stiúrthóir forbartha sinsireach leis an gcomhlacht Corio Generation, Jayasurya Francis, Stiúrthóir na hIndia sa gComhairle Domhanda d’Fhuinneamh Gaoithe agus an Dr. Edel O’ Connor, Bainisteoir Forbartha Gnó leis an IMDO, Oifig Forbartha Muirí na hÉireann.

Beidh Seán Mulvany, bainisteoir sinsireach infheistíochta le Ciste Straitéiseach Infheistíochta na hÉireann ag glacadh páirt sa díospóireacht faoin nuálaíocht mhara, maraon le Máire Ní Éinniú, speisialtóir san eacnamaíocht ghorm le hÚdarás na Gaeltachta, Caroline Bocquel, Príomhfheidhmeannach Eatramhach Bhord Iascaigh Mhara agus an Dr. Colin Hannon, ó Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh.

Trí rannpháirtíocht in Asia Matters, tá sé mar aidhm ag Údarás na Gaeltachta teagmhálacha a fhorbairt agus a chothú idir iarthar na hÉireann agus tíortha na hÁise, infheisteoirí as an Áis a mhealladh chun infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí Gaeltachta, agus margaí nua san Áis a aimsiú do chomhlachtaí sa nGaeltacht.

Dúirt Martin Murray, Príomhfheidhmeannach Asia Matters

“Tá margadh na hÁise freagrach as leath de Olltáirge Intíre (GDP) an domhain agus ba chóir go mbeadh gnólachtaí na hÉireann ag féachaint i dtreo na dtíortha sin. Tá cúrsaí gnó san Áis bunaithe ar chaidreamh pearsanta agus ar theagmhálacha – bheadh an t-eolas agus an taithí atá le roinnt ag ár gcainteoirí le linn na seachtaine seo ina bhuntáiste d’aon chomhlacht atá ag iarraidh forbairt a dhéanamh i dtreo na hÁise, go háirithe gnóanna san iarthar.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Eatramhach Údarás na Gaeltachta, Colm Ó Coisdealbha

“Is iontach an deis í an chomhdháil seo in Údarás na Gaeltachta le féachaint ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an Eacnamaíocht Ghorm in iarthar na hÉireann agus é sin a chur i  gcothéacs idirnáisiúnta. Tá an-tuiscint ag Údarás na Gaeltachta ar an tábhacht atá le nascanna straitéiseacha le heagraíochtaí agus comhlachtaí ar fud an domhain. Sa gcomhthéacs sin, tá muid thar a bheith sásta bheith rannpháirteach in imeachtaí Asia Business Week i dtaca le Asia Matters; beidh cainteoirí a bhfuil taithí den scoth acu ag roinnt a gcuid saineolais agus is cinnte go mbeidh an-tairbhe le baint ag na rannpháirtithe as imeachtaí uile na seachtaine.“

Beidh ionadaithe na meán chumarsáide nach mbeidh ábalta freastal ar an seimineár féin in ann freastal go fíorúil ag: https://us02web.zoom.us/webinar/register/WN_0VHpHbvLQj2LcDY1aCvatQ