#FéirínGaeltachta

Tús curtha ag Údarás na Gaeltachta lena bhFeachtas Nollag
“Faigh Féirín Gaeltachta”

22 Samhain, 2022

nóiméad léite

“Faigh Féirín Gaeltachta” Christmas Campaign

An tseachtain seo atá Údarás na Gaeltachta ag cur tús lena bhfeachtas le aird an phobail a dhíriú ar an réimse breá earraí atá á gcur ar fáil ag déantúsóirí Gaeltachta, earraí a bheadh iontach mar bhronntanais Nollag.

Beidh an feachtas “Faigh Féirín Gaeltachta” á reáchtáil ar mheáin shóisialta an Údaráis idir seo agus an Nollaig agus é ag tabhairt ardáin do na táirgí breátha atá ar fáil ó chomhlachtaí i ngach réigiún Gaeltachta.

Dúirt príomhfheidhmeannach feidhmeach Údarás na Gaeltachta, Colm Ó Coisdealbha:

“Tá an t-ádh orainn go bhfuil scoth na n-ealaíontóirí, na ndéantúsóirí agus na gceardaithe againn sa nGaeltacht. Tá go leor acu ag cur earraí ar fáil atá thar a bheith fheiliúnach mar bhronntanais Nollag. Tá idir éadaigh, seodra, bia agus deoch, agus réimse leathan eile táirgí ar fáil, a d’fheilfeadh do gach sórt bronntanais, idir bheag agus mhór. Má cheannaíonn daoine na táirgí seo, atá déanta sa nGaeltacht agus go leor acu a úsáideann an Ghaeilge ina gcuid brandála, tá siad ag tacú freisin le fostaíocht agus le heacnamaíocht na Gaeltachta, agus ag neartú an phobail Gaeltachta dá réir.”

Mar sin, faigh féirín Gaeltachta an Nollaig seo do do chlann, do chairde nó do chomhleacaithe, agus coinnigh súil ar mheáin shóisialta an Údaráis le léargas a fháil ar an rogha cuimsitheach bronntanais atá ar fáil! #FéirínGaeltachta