“Stucaí an Screabáin”

“Stucaí an Screabáin” an togra ealaíon poiblí le seoladh go hoifigiúil

14 Samhain, 2022

nóiméad léite

Maidin Dé Céadaoin ag a 11.00r.n a dhéanfaidh cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair, an togra ealaíon poiblí, “Stucaí an Screabáin” atá suite taobh amuigh d’Áislann Ghaoth Dobhair, a sheoladh go hoifigiúil.

 

Rinneadh coimisiúnú ar an bpíosa ealaíne seo tríd an Scéim Chéatadán den Ealaín, tar éis do Údarás na Gaeltachta, Comhairle Contae Dhún na nGall agus Ealaín na Gaeltachta iarratais a lorg do thogra ealaíne a bheadh bainteach le hoidhreacht oibre na háite.

 

Ba é an t-iarratas a tháinig ón ealaíontóir clúiteach Locky Morris a b’fhearr a chruthaigh agus ba óna lámh a tháinig an obair ealaíne seo, saothar a luíonn isteach go nádúrtha leis an téama a roghnaíodh.

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach gníomhach Údarás na Gaeltachta, Colm Ó Coisdealbha:

“Tá na téamaí a nochtann an saothar ealaíne seo neadaithe go dlúth i gcuimhne agus in oidhreacht phobail Thír Chonaill, agus tugann sé chun cuimhne saothar na glúnta a chuaigh romhainn, an obair a rinne an pobal sa mbaile agus thar sáile, agus na hathruithe a tháinig ar an saol oibre; tá an saothar suite ar Pháirc Ghnó rathúil Ghaoth Dobhair agus cuireann sé i gcuimhne dúinn freisin an difríocht atá déanta ag fás agus forbairt ré na teicneolaíochta, agus na deiseanna nua atá ann anois do phobal na Gaeltachta.”

 

“Déanann muid comhghairdeachas le Locky Morris, lena chomhleacaí Mark Hill, agus le chuile dhuine a raibh lámh acu san obair a bhain leis an saothar álainn seo. Tá súil againn gur ábhar machnaimh agus sásaimh a bheas ann do phobal na háite.”

 

Tá fáilte roimh chách ag an seoladh oifigiúil.